Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 June 2019

Tuesday, 11 June 2019

Questions (1013, 1014)

Catherine Connolly

Question:

1013. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na strúchtúir eagraíochtúla atá i bhfeidhm chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí aonair na Straitéise 20 Bliain; cé hiad na daoine atá páirteach sa mhonatóireacht; cad iad na ranna rialtais a bhfuil baint acu le monatóireacht ar an Straitéis ina hiomláine; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23846/19]

View answer

Catherine Connolly

Question:

1014. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le coiste stiúrtha a bhunú a dhéanfaidh maoirseacht ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí aonair sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2023; cé hiad na daoine a bheidh ar an gcoiste sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23847/19]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 23846/19 agus 23847/19 le chéile.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 52 den 16 Eanáir 2019 faoin ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge, a foilsíodh i mí Meitheamh 2018, an cur chuige nua a bheidh i bhfeidhm maidir le monatóireacht a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus ar fheidhmiú an Phlean go sonrach.

Tá an Coiste Stiúrtha atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar dhul chun cinn an phlean bunaithe anois agus tionóladh trí chruinniú de ó bunaíodh é anuraidh.

Is é cúram an Choiste Stiúrtha, atá ag feidhmiú faoi chathaoirleacht mo Roinne, ná:

1. monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an ós cionn 180 beart atá leagtha amach sa phlean a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le 60 páirtí leasamhar;

2. tacú le bearta agus tionscnaimh eile nach bhfuil san áireamh cheana féin sa phlean a aithint; agus,

3. treochtaí, constaicí nó údair imní a thagann chun cinn maidir leis an nGaeilge trí chéile a shainaithint ar leas na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le forfheidhmiú an Phlean, tá an Coiste Stiúrtha comhdhéanta d’ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna, An Roinn Leanaí & Gnóthaí Óige, An Roinn Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chomh maith, ar ndóigh, le hionadaíocht ó mo Roinn féin. Is faoi chathaoirleacht mo Roinne atá sé ag feidhmiú.

Ar ndóigh, tá sé i gceist go dtiocfaidh an coiste le chéile ar bhonn rialta agus mar atá leagtha amach sa phlean, go bhfoilseofar tuairisc bhliantúil maidir le dul chun cinn, tar éis don tuairisc a bheith faofa ag an Rialtas. In thaobh sin, tá beartaithe go bhfoilseofar an chéad tuairisc bhliantúil i bhfómhar na bliana seo - ina dtabhfar cuntas ar an dul chun cinn i leith an tréimhse fhorfheidhmithe Iúil 2018 go Iúil 2019.

Níor miste a lua chomh maith go leanfar leis an gCoiste Comhairleach a ceapadh in 2014 mar thaca eile d'fhorfheidhmiú rathúil na Straitéise. Tá an coiste seo comhdhéanta d’ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, An Chomhairle um Oideachais Gaeltachta & Gaelscoileanna [COGG], Gaeloideachas Teo., Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na Gael, Coláiste na bhFiann, Comhlachas na gComharchumainn Gaeltachta, Muintearas Teo./Óige na Gaeltachta, Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo., CONCOS, Ealaín na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus ar ndóigh, ionadaithe ó mo Roinn féin.

Sa bhreis air sin, leanfaidh mo Roinn ag obair go dlúth, ar bhonn déthaobhach agus leanúnach, leis na Ranna agus na forais ábhartha Stáit ar mhaithe le dul chun cinn a chinntiú.

De thoradh seo ar fad, táim sásta go ndéanfar monatóireacht agus tuairisciú chuí ar chur i bhfeidhm an Phlean 5 Bliana agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Top
Share