Skip to main content
Normal View

Scoileanna DEIS

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 June 2019

Tuesday, 11 June 2019

Questions (241)

Pearse Doherty

Question:

241. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna an féidir leis sonraí a chur ar fáil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh aige chun clár DEIS a leasú d'fhonn scoileanna breise a chur le líon na scoileanna atá ag glacadh páirt sa scéim faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23495/19]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn i mbun anailísiú sonraí i láthair na huaire i gcomhthéacs acmhainní atá le leithroinnt d'fhonn riachtanas a shainaithnítear a mheaitseáil, lena n-áirítear athróga a scrúdú arb eol iad a bheith ina réamh-mheastóirí maithe maidir le míbhuntáiste oideachais.  Tá measúnú a dhéanamh ar gach Bunscoil agus Iarbhunscoil i láthair na huaire ag baint úsáid as an múnla aitheantais nua. Níl sé i gceist an clár DEIS a leathnú chuig aon scoileanna eile go mbeidh an anailís seo curtha i gcrích.

Top
Share