Skip to main content
Normal View

An Coimisinéir Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 June 2019

Wednesday, 12 June 2019

Questions (22)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

22. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na bearta a dhéanfaidh sí chun a chinntiú go gcloífidh an Státchóras agus na comhlachtaí Stáit leis an dualgas reachtúil agus bunreachtúil i leith na teanga náisiúnta, óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga arís i mbliana nach gcloíonn siad amhlaidh. [24347/19]

View answer

Oral answers (6 contributions)

An cheist atá agam ná chun fiafraigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad atá sí chun a dhéanamh chun a chinntiú go gcloíonn an Státchóras agus na comhlachtaí Stáit lena ndualgas reachtúil agus bunreachtúil maidir leis an teanga oifigiúil?

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, is é an Coimisinéir Teanga atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar dhualgais na gcomhlachtaí poibli faoin Acht. Is é sin comhlíonadh na rialacha atá i bhfoirm reachtaíochta maidir le comharthaíocht, foilseacháin agus comhlíonadh na ngealltanas atá tugtha sna scéimeanna teanga éagsúla atá aontaithe le mo Roinn. Aontaíodh 132 scéim teanga faoi dheireadh na bliana 2018 ach níl aon dualgas ar mo Roinn maidir le monatóireacht ar fheidhmiú na scéimeanna sin.

Mar is iondúil, d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil bhliantúil an-chuimsitheach a léiríonn an réimse leathan oibre atá ar siúl ag a oifig agus a thábhachtaí is atá an obair sin do phobal na Gaeilge.

Is fiú don Teachta a nótáil go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair faoi láthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtú. Mar chuid thábhachtach den leasú ar an Acht, tá sé i gceist aird a thabhairt ar an ábhar atá luaite ag an gCoimisinéir ina thuarascáil.

Mar chúlra, is iarracht é an Bille seo, tríd na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga nios feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí tri Ghaeilge.

Tá sé i gceist sa Bhille foráil a dhéanamh a chinnteofar go n-éascóidh comhlachtaí poiblí úsáid ainmneacha agus seoltaí sa dá theanga oifigiúil, lena n-áirítear úsáid an tsíneadh fhada agus sloinnte níos faide a éascú.

Táthar ag súil go rachaidh na forálacha agus na céimeanna eile atá á nglacadh sa Bhille leasaithe maidir le caighdeáin teanga agus earcaíocht don Státchóras cuid mhaith i ngleic leis na deacrachtaí atá ardaithe ag an gCoimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil.

Tá an méid atá ráite ag an Aire Stáit tábhachtach ach an cheist ná cad atá an tAire chun a dhéanamh chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an Státchóras chun cloí leis na moltaí atá i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga an bliain seo agus blianta eile? Chomh maith leis sin, cad atá an Státchóras chun a dhéanamh chun brú breise a chur orthu ionas nach mbeidh ar an gCoimisinéir Teanga fiosrúcháin a bheith aige ar na ceisteanna a ardaíonn an pobal nó a ardaíonn sé féin maidir leis an tromaíocht atá á déanamh ar an nGaeilge sa Státchóras nach féidir linne atá Gaeilge againn agus atá ag iarraidh í a úsáid sa Státchóras teacht ar sheirbhísí chomh tapa céanna nó chomh áisiúil agus a thagaimid orthu leis an mBéarla. An bhfuil sé i gceist ceangailt a dhéanamh amach anseo idir maoiniú na gcomhlachtaí poiblí seo agus an Státchóras i gcoitinne mura bhfuil siad ag cloí leis na dualgais bunreachtúil agus dualgais teanga atá acu agus go dtarraingeofaí siar roinnt den mhaoiniú ó na comhlachtaí sin. Sampla mór amháin a thug an Coimisinéir Teanga ná RTÉ. Bhí air scrúdú iomlán a dhéanamh ansin agus fós, níl RTÉ tar éis plean nó freagra ceart a chur chuige. Tá síneadh ama tugtha dó go deireadh na míosa seo ach tá súil agam go mbeidh bogadh ag tarlú.

Luaigh an Teachta RTÉ ansin agus níl aon dualgas reachtúil ormsa mar Aire Stáit maidir le craolachán RTÉ. Tuigim gur iarr an Coimisinéir Teanga ar RTÉ plean feidhmiú a ullmhú laistigh de sé mhí ón dáta a foilsíodh an tuarascáil ar an scrúdú a rinne an coimisinéir chun sású a thabhairt don choimisinéir faoi cén dóigh a bhfuil se i gceist ag RTÉ réimse cuimsitheach cláracha teilifíse i nGaeilge agus cláracha faoi chúrsaí reatha i nGaeilge a chur ar fáil. Tá mé ag súil go mbeidh toradh dearfach ar an bplean sin agus tá a fhios agam gur chas an coimisinéir le ceannaire RTÉ maidir leis na ceisteanna sin.

Luaigh an Teachta rud fíor-shuimiúil ó thaobh cén chaoi a bhféadfaí a chinntiú go mbeadh na dualgais a bheadh ag na comhlachtaí Stáit á gcomhlíonadh. Caithfimid breathnú ar sin sa Bhille agus beidh an díospóireacht sin againn sa Teach. B'fheidir go bhféadfaimis fíneáil a chur orthu má theipeann orthu glacadh leis na dualgais atá acu maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Aontaím leis sin ach ní díreach fíneáil atá i gceist ach nach bhfaigheadh siad airgead sa chéad dul síos má tá siad ag briseadh an reachtaíocht a bheidh ann. Ní chóir go mbeadh muid ag brath ar reachtaíocht ach ba chóir go mbeadh sé uathoibríoch go dtiocfadh sé mar chearta. Ní chóir go mbeadh Coimisinéir Teanga ann fiú ach tá sé ann toisc nach bhfuil ag éirí leis an Stát cloí le na dualgais atá aige.

Tagraím do RTÉ. Bhí an plean feidhmíu le bheith ann an tseachtain seo caite ach níl sé ann agus tá síneadh ama tugtha go deireadh na míosa. Ní fheicim go dtiocfaidh sé so tá mé ag impí ar an Aire Stáit, más féidir leis in aon chor, an Bille a fhoilsiú chomh tapa agus is féidir ionas gur féidir linn díriú isteach air agus ionas go dtuigeann an Státchóras i gcoitinne go bhfuil gá cloí leis an méid atá sa Bhunreacht agus leis an méid a bheidh san Acht sin. Níl siad ag cloí leis an Acht atá ann faoi láthair fiú.

Sin ceann de na fadhbanna. Sin an fáth go n-aontaím le chuile dhuine go bhfuil an tAcht atá againn faoi láthair sort lag ó thaobh na ndualgas agus nach bhfuil dóthain meas ag comhlachtaí ar an teanga. Caithfimid níos mó a dhéanamh.

Is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh leasú ar an mBille agus go mbeidh níos mó dualgas ar na comhlachtaí, go mór mór na comhlachtaí a bheidh ag obair sa Ghaeltacht agus ag obair le muintir na Gaeilge a bheidh ag labhairt agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Beidh an díospóireacht sin san fhómhar nuair a bheidh an Bille foilsithe, roimh an sos nó roimh dheireadh an téarma seo.

Tá sé sin fíorthábhachtach. Aontaím go gcaithfimid é sin a dhéanamh. Is é sin an fócas atá againn, agus tá a fhios agam go mbeidh ceist againn i gceann nóiméid ón Teachta Calleary ar an ábhar sin. Aontaím go gcaithfidh na comhlachtaí Stáit a bheith cinnte faoina ndualgais agus go mbeidh siad sásta iad a chomhlíonadh. Beidh na rudaí sin á bplé sa Bhille nuair a bheidh sé foilsithe.

Top
Share