Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 June 2019

Wednesday, 12 June 2019

Questions (39)

Pat the Cope Gallagher

Question:

39. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici chun feabhas a chur ar Ché na Reannaí, Athphort ar oileán Árainn Mhóir; an dtabharfaidh sí sonraí maidir leis na pleananna chun an togra a thabhairt chun críche agus aon dul chun cinn atá déanta aici ón am deireanach a chuir an cheist seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24054/19]

View answer

Written answers

Tá deontais éagsúla ceadaithe ag mo Roinn do Chomhairle Chontae Dhún na nGall i leith na cé seo thar na blianta. Níl aon iarratas ar láimh ag mo Roinn ón gComhairle Chontae maidir le haon oibreacha bhreise ar an gcé faoi lathair. Ach a leithéid, d’iarratas a bheith faighte, déanfaí é a mheas, ag cur san áireamh na n-acmhainní atá ar fáil d'fhorbairt na n-oileán agus na n-éilimh éagsúla ar na hacmhainní sin.

Top
Share