Skip to main content
Normal View

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 June 2019

Wednesday, 12 June 2019

Questions (43)

Éamon Ó Cuív

Question:

43. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na gcéibheanna ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24058/19]

View answer

Written answers

Tá forbairt na gcéanna atá luaite ag an Teachta san áireamh sa liosta tograí atá clúdaithe sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018 - 2027.

Maidir le Cé an Chaladh Mhóir, Inis Meáin, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe i dteagmháil le geallsealbhóirí faoi láthair i dtaobh a gcuid mianta d'fhorbairt na cé agus tá Cás Gnó i leith na forbartha á réiteach ag an gComhairle faoi réir théarmaí an gCód Caiteachais Poiblí. Déanfar cinneadh críochnúil faoi scóip na forbartha amach anseo i gcomhthéacs na n-acmhainí airgeadais a bheidh ar fáil do mo Roinn sna blianta amach romhainn agus na n-éileamh éagsúla ar na hacmhainí sin.

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil dul chun cinn maith déanta maidir le forbairt Ché Inis Oírr. Le cúnamh airgid ó mo Roinn, tá innealtóirí comhairleacha ceaptha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i ndáil leis an togra a fhorbairt. Ach an oiread le haon togra eile ar an scála seo, beidh gach chéim d'fhorbairt Ché Inis Oírr le meas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn ag an am sin agus faoi réir na bhforálacha atá san áireamh i gCód Caiteachais Phoiblí an Rialtais.

Bíonn cruinnithe rialta idir oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag a bpléitear forbairt na gcéanna seo.

Top
Share