Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 June 2019

Wednesday, 12 June 2019

Questions (55)

Éamon Ó Cuív

Question:

55. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá le déanamh i mbliana i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24059/19]

View answer

Written answers

Is é an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 a d’fhoilsigh mo Roinn i mí Meithimh 2018 an mapa bóthair atá leagtha amach chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéíse 20 Bliain don Ghaeilge don tréimhse cúig bliana ó 2018 go dtí 2022.

Is ann a leagtar amach cad atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse sin chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh faoi leith atá luaite sa Straitéis.

Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, ag croílár an Phlean Gníomhaíochta, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an méid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar 5 bliana. Tá tráthchlár ama luaite le gach beart agus luaitear chomh maith, ar ndóigh, na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm.

Tá Coiste Stiúrtha, atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar dhul chun cinn an phlean bunaithe anois agus bhí trí chruinniú aige go dtí seo. Tá sé i gceist go dtiocfaidh an coiste le chéile ar bhonn rialta agus mar atá leagtha amach sa phlean, go bhfoilseofar tuairisc bhliantúil maidir le dul chun cinn, tar éis don tuairisc a bheith faofa ag an Rialtas. In thaobh sin, tá beartaithe go bhfoilseofar an chéad tuairisc bhliantúil i bhfómhar na bliana seo.

Mar léargas ar an dul chun cinn praiticiúil atá déanta maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta agus na Straitéise, luafainn roinnt rudaí a leanas:

- Leanfaidh mo Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur chun cinn.

- Leanfar le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga mar a leagtar amach é faoi Acht na Gaeltachta 2012 atá faoi lán seoil faoi láthair. As an 26 Limistéar Pleanála Teanga atá ainmnithe sa Ghaeltacht, tá 14 plean teanga ceadaithe go dáta faoin bpróiseas. Mar thoradh ar sin, tá 11 Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta fostaithe sa Ghaeltacht chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm. Tá súil ag mo Roinn go mbeidh suas le 23 plean in iomlán ceadaithe faoin bpróiseas faoi dheireadh na bliana. Ina thaobh sin, tá soláthar €550,000 breise ar fáil don phleanáil teanga do 2019, rud a fhágann go bhfuil €3.2m in iomlán ar fáil i mbliana.

- Tá buiséad iomlán caipitil de €9.7m curtha ar fáil ag mo Roinn d'Údarás na Gaeltachta in 2019 le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar fisiciúil fiontraíochta agus gnó sa Ghaeltacht.

- Tá €980,000 breise curtha ar fáil don Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid mo Roinne féin do 2019. Ciallóidh sé sin go bhfuil ciste breise ann chun cabhrú tuilleadh le gnóthaí teanga agus pobail sa Ghaeltacht i mbliana. Fágann sé seo go bhfuil soláthar iomlán de €9.692m ar fáil do 2019.

- Tá Coiste stiúrtha bunaithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú plean cuimsitheach don earnáil luathoideachais Gaeilge.

- Tá mo Roinn ag dréachtú Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i gcomhair le hOifig an Ard-Aighne faoi láthair.

- Tá súil ag mo Roinn an Plean Digiteach don Ghaeilge a fhoilsiú go luath.

- Táthar ag leanúint leis an obair leis na hinstitiúidí ábhartha san AE chun tacú le deireadh a chur leis an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach faoi 2021.

Is léir, mar sin, go bhfuil dul chun cinn súntasach idir lámha agus go bhfuil céimeanna móra á nglacadh i rith an ama chun a chinntiú go bhfuil an státchóras ag déanamh a chion chun cúram a dhéanamh den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Top
Share