Tá sonraí maidir leis an leithdháileadh caipitil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta do na blianta 2018 agus 2019 leagtha amach sa tábla thíos.
| 2018 | 2019 |
Foras na Gaeilge | €0 | €0 |
Údarás na Gaeltachta | €7,638* | €9,700** |
* Fuarthas leithdháileadh caipitil breise de €0.638m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2018 agus tá sé san áireamh san fhigiúr a sholáthraítear.
**Maidir leis an soláthar caipitil do 2019, tá suim de €0.7m nár chaith an Roinn i 2018 tugtha ar aghaidh go 2019 agus curtha isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go bhfuil buiséad iomlán caipitil de €9.7m curtha ar fáil ag an Roinn don Údarás i 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta.