Skip to main content
Normal View

Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 July 2019

Tuesday, 9 July 2019

Questions (874)

Peadar Tóibín

Question:

874. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aici toghcháin dhaonlathacha a athbhunú do bhord an Údaráis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29411/19]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 1,011 ar an 11 Meitheamh 2019 maidir leis an ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, faoin socrú a tháinig i bhfeidhm faoin Acht in 2012, tá an bord reatha - a ceapadh anuraidh, comhdhéanta de chúigear comhalta a d'ainmnigh na hÚdaráis Áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu, chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaíodh bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraíodh faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

Cinntíonn an córas faoina gceaptar ionadaíocht ó na hÚdaráis Áitiúla go mbíonn bunús daonlathach le bord Údarás na Gaeltachta agus oiread is féidir, cinntíonn ceapacháin na seachtar comhalta a thagann tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, go bhfuil daoine cumasacha le saineolas agus scileanna ábhartha, cuí i réimsí gnímh an Údaráis á gceapadh.

Níor mhiste a lua chomh maith gur ionann líon an bhoird mar atá sé anois agus an líon a mholtar, de réir taighde idirnáisiúnta, ar chóir a bheith ar bhord den tsaghas seo.

Táim sásta, dá réir, go bhfuil an cur chuige reatha mar a bhaineann sé le struchtúr an bhoird ag feidhmiú go sásúil agus nach gcuireann sé aon bhac ar chumas an Údaráis feidhmiú mar is cuí.

Ar an mbunús sin, níl i gceist agam aon leasú a mholadh maidir le hAcht na Gaeltachta 2012 i ndáil le toghcháin a athbhunú do bhord Údarás na Gaeltachta.

Top
Share