Skip to main content
Normal View

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 July 2019

Tuesday, 23 July 2019

Questions (493)

Pearse Doherty

Question:

493. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuarthas iarratas mar chuid de scéim na n-oibreacha samhraidh ó scoil (sonraí tugtha) i gContae Dhún na nGall chun a córas téimh a uasghrádú; cathain a dhéanfar cinneadh ina leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32764/19]

View answer

Written answers

 Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil iarratas ar Oibreacha Meicniúla - Athsholáthar Córas Teasa agus uisce Tí (Catagóir 4) curtha isteach ag an Scoil dá dtagraítear thuas faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh (SWS) ilbhliantúil mo Roinne ó 2020 ar aghaidh.

I gcomhréir leis an leibhéal maoinithe a bheidh ar fáil don SWS in 2020 déanfar iarratais a mheas ar bhonn ó bharr anuas de réir na gcritéir tosaíochta atá mínithe san Imlitir ina leagtar síos rialacha na Scéime. Tá an Imlitir seo (0027/2019) ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.education.ie.

Tá sé i gceist agam liosta na n-iarratasóirí ar éirigh lena n-iarratais a fhoilsiú i Ráithe 4 2019 maidir le hoibreacha a bheidh á ndéanamh sa Samhradh 2020.

Top
Share