Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Questions (1432)

Éamon Ó Cuív

Question:

1432. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén méid infheistíochta atá déanta ag a Roinn i ngach calafort iascaigh ón mbliain 2000 i leith agus í briste síos de réir gach calafoirt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36392/19]

View answer

Written answers

Tá sé Lárionad Cuain Iascaigh ainmnithe faoi úinéireacht an Stáit, suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl, ar úinéireacht ag mo Roinnse agus déanann an Roinn iad a chothabháil agus a chur i bhfeidhm, faoi reacht.

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go ndearnadh infheistíocht breis is €232 milliún idir na blianta 2000 agus 2018 chun obair chothabhála, forbartha agus uasghrádaithe a dhéanamh ag na sé Lárionad Cuain Iascaigh mar chuid de Chlár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta na Roinne. Déantar briseadh síos sa tábla thíos ar an maoiniú a fuair gach Lárionad Cuain Iascaigh.

* Ba chóir a thabhairt ar aird nach ndearnadh Lárionad Cuain Iascaigh d'ionad Dhaingean Uí Chúis go dtí 2007, agus go bhfuil caiteachas a thabhaigh an Roinn i gCuan Dhaingean Uí Chúis idir 2000 agus 2006 san áireamh sa bhfigiúr do Lárionad Dhaingean Uí Chúis.

Lárionad Cuain Iascaigh

Caiteachas Iomlán (2000 - 2018)

Baile Chaisleáin Bhéarra

€66,587,099.42

Dún Mór

€23,020,680.74

Ros an Mhíl

€29,451,675.73

Na Cealla Beaga

€82,062,229.37

Binn Éadair

€12,194,841.93

Daingean Uí Chúis

€18,766,103.31

Iomlán

€232,082,630.50

Top
Share