Éamon Ó Cuív
Question:189. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an raibh comhráití idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an ngá atá ann cur leis na saoráidí páirceála do rothair, busanna agus trapanna ag Cill Mhuirbhigh gar don áit a bhfuil oifig de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí le freastal ar na daoine a thugann cuairt ar Dhún Aonghasa; ar pléadh an fhéidearthacht go bhféadfadh an dá eagraíocht iarratas a dhéanamh faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe de chuid na Roinne Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35350/19]
View answer