Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Questions (2018, 2027)

Éamon Ó Cuív

Question:

2018. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar an bplean gnó atá réitithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe i leith ché Inis Oírr; cén uair a fuarthas an plean gnó sin ón gcomhairle contae; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34902/19]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

2027. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar an gcás gnó atá curtha faoi bhráid na Roinne ag Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le síneadh a chur le cé Inis Oírr agus tonnchosc a thógáil ann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35385/19]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 2018 agus 2027 le chéile.

Mar is eol don Teachta tá forbairt Ché Inis Oírr san áireamh sa liosta tograí atá clúdaithe ag Tionscadail Éireann 2040.

Tá mo Roinn agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair i dteo leagan críochniúil den chás gnó a fhorbairt faoi réir théarmaí an gCód Caiteachais Poiblí faoi láthair. Beidh gach chéim d'fhorbairt na céibhe le meas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn ag an am sin agus faoi réir na bhforálacha atá san áireamh i gCód Caiteachais Phoiblí an Rialtais.

Top
Share