Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Questions (2037, 2038)

Pat the Cope Gallagher

Question:

2037. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén leibhéal maoinithe atá ceadaithe do bhóithre ar oileáin Dhún na nGall don bhliain reatha; an bhfuil aon oileán eile á mheas do mhaoiniú laistigh den iarratas ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chuig a Roinn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36457/19]

View answer

Pat the Cope Gallagher

Question:

2038. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí cuntas ar an méid maoinithe a ceadaíodh d’oileáin Dhún na nGall sa bhliain 2019; an dtabharfaidh sí cuntas maidir le pleananna maoinithe don todhchaí d’oileáin amach ó chósta Dhún na nGall don bhliain 2019; an ndéanfaidh sí comparáid idir maoniú don bhliain 2019 agus blianta eile ó 2007 go 2018; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36458/19]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 2037 agus 2038 le chéile.

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil iarratas faoin Chlár Mionoibreacha do 2019 faighte ag mo Roinn ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Clúdaíonn an t-iarratas oibreacha ar oileán Árainn Mhór, Uaigh, Toraigh agus Gabhla. Tá an t-iarratas dhá scrúdú sa Roinn faoi láthair na huaire i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil i mbliana agus na h-éilimh éagsúla ar an soláthar sin.

Léiríonn an tábla thíos an leibhéil maoinithe atá ceadaithe ag mo Roinn as soláthar caipiteal na n-oileán ar oileáin Dhún na nGall ó 2007 go dtí 2018:

Bliain

Maoiniú Ceadaithe

2007

€352,495

2008

€1,081,455

2009

€20,000

2010

€75,098

2011

€102,715

2012

€383,875

2013

€110,158

2014

€0

2015

€327,774

2016

€135,050

2017

€540,611

2018

€372,125

Top
Share