Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Questions (2048)

Dara Calleary

Question:

2048. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na ceantair sa Ghaeltacht a bhfuil airgead reatha pleanála teanga ceadaithe dóibh ag Údarás na Gaeltachta le pleananna teanga a chur i bhfeidhm iontu; cé mhéad airgid atá ceadaithe in aghaidh na bliana i ngach cás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36888/19]

View answer

Written answers

Chun freastal a dhéanamh ar fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht, ceadaíonn Údarás na Gaeltachta maoiniú do cheanneagraíochtaí pleanála teanga ar fiú idir €100,000 agus €150,000 sa bhliain é, ag brath ar chritéir cháilithe faoi leith.

Léiríonn an tábla a leanann, an dáileadh airgid atá i gceist i leith an 16 limistéar a bhfuil pleananna ceadaithe ina leith go dtí seo faoin bpróiseas:

Limistéar Pleanála Teanga

Maoiniú Ceadaithe in aghaidh na bliana (suas le)

Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir

€150,000

Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh

€100,000

Cois Fharraige

€150,000

Múscraí

€100,000

Na Déise

€100,000

Ciarraí Theas

€100,000

Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh

€100,000

An Cheathrú Rua

€100,000

Maigh Eo Thuaidh

€100,000

Árainn Mhór

€100,000

Ciarraí Thiar

€150,000

Conamara Láir

€150,000

Ráth Chairn & Baile Ghib

€100,000

Dún na nGall Theas

€100,000

Ceantar na nOileán

€100,000

Tuaisceart Dhún na nGall

€100,000*

*Maidir leis an LPT: Tuaisceart Dhún na nGall, tá an plean teanga don LPT sin ceadaithe agus tuigtear go mbeidh doiciméad boird maidir le maoiniú an phlean sin ag dul os comhair Bhord Údarás na Gaeltachta ag a gcéad chruinniú eile ar an 25 Meán Fómhair 2019.

Top
Share