Skip to main content
Normal View

Liúntais do Mhúinteoirí

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Questions (390)

Éamon Ó Cuív

Question:

390. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige an fóirdheontas a bhíodh ar fáil d’ábhair oidí chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta a thabhairt ar ais ar an mbunús céanna a raibh fáil air suas go dtí an bhliain 2011; cén costas a bhainfeadh leis seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35758/19]

View answer

Written answers

Rinneadh an cinneadh le stop a chur le deontais socrúcháin Ghaeltachta i rith na géarchéime eacnamaíochta nuair a rinneadh cinntí an-deacair, ar an drochuair, le cúrsaí airgid an náisiúin a chobhsú. Ag an am, tugadh tús áite leis na hacmhainní le haghaidh seirbhísí oideachais tosaigh a chosaint chomh fada agus ab fhéidir.

Meastar gurb é €1.8m in aghaidh na bliana an costas bliantúil atá ann le maoiniú iomlán a thabhairt don Socrúchán Gaeltachta athchumraithe ar na cláir oiliúna tosaigh múinteoirí (OTM) Bunscoileanna le haghaidh 1,200 múinteoir faoi oiliúint sna ceithre sholáthraí státmhaoinithe. 

Cé nach bhfuil aon soláthar ann faoi láthair i mbuiséad mo Roinne don deontas seo nó cuid de in 2019, mar gheall ar bhrú leanúnach sa bhuiséad atá fós géarchúiseach, tá an t-ábhar á mheas go fóill i mo Roinn.

Chun cuidiú leis na costais den socrúchán Gaeltachta, is féidir le mic léinn a fhaigheann deontas mic léinn agus 100% den deontas táille san áireamh ann, nó mic léinn a cháileodh do dheontas táille iomlán ach go bhfuil an Scéim Táillí Saora á fáil acu, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú i dtreo costas taistil agus lóistín faoin ngné turais allamuigh de dheontas táille, faoi réir ghnáth-théarmaí agus ghnáthchoinníollacha na scéime deontais do mhic léinn. Seachas é seo, i gcásanna ina bhfuil riachtanas áirithe i gceist, is féidir le mic léinn iarratas a dhéanamh ar thacaíocht a fháil faoin gCiste Cúnaimh do Mhic Léinn. Tá eolas maidir leis an gciste seo ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana san institiúid tríú leibhéal a bhfuiltear ag freastal uirthi.

Top
Share