Skip to main content
Normal View

Aerfoirt Réigiúnacha

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 September 2019

Thursday, 19 September 2019

Questions (20)

Catherine Connolly

Question:

20. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le hAerfort na Mine i gContae na Gaillimhe, an bhfuil an cás gnó réitithe; cad iad na céimeanna eile atá tógtha maidir ceannach an Aerfoirt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37929/19]

View answer

Written answers

Tá an próiseas maidir le ceannach Aerfort na Mine ag leanúint ar aghaidh. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil luach an aerfoirt aontaithe idir na páirtithe. Fostaíodh comhlacht le saineolas san earnáil eitlíochta chun an cás gnó a ullmhú i ndáil le riachtanais an Chóid Chaiteachais Poiblí. Tá an cás gnó sin faighte ag mo Roinn agus tá sé á mheas faoi láthair, tá súil na céad céimeanna eile sa phroiséas a thógáil go luath.

Top
Share