Skip to main content
Normal View

Tionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 October 2019

Tuesday, 1 October 2019

Questions (194)

Donnchadh Ó Laoghaire

Question:

194. D'fhiafraigh Deputy Donnchadh Ó Laoghaire den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil aon phlean aige cúnamh a thabhairt do Scoil (sonraí thíos), le hathchóiriú a dhéanamh ar a cuid foirgneamh, ina measc, Halla Spóirt a chur ar fáil; agus cad é stádas an iarratais seo. [39378/19]

View answer

Written answers

Tá áthas orm a dheimhniú gur cheadaigh mo Roinn oibreacha uasghrádaithe fuinneoige le déanaí faoin Scéim Oibreacha Samhraidh 2019 don scoil dá dtagraíonn an Teachta.

Chuir an tÚdarás Scoile iarratas isteach freisin ar Oibreacha Díonta (Catagóir 2) faoi Scéim Oibreacha Samhraidh ilbhliantúla mo Roinne (SWS) 2020 ar aghaidh. Ag teacht leis an leibhéal maoinithe atá ar fáil don SWS in 2020, déanfar iarratais a mheas ón mbarr anuas de réir na gcritéar tosaíochta atá leagtha amach i gCiorclán Rialaithe na Scéime.

Níl m'Oifig ag fáil iarratais ar mhaoiniú caipitil do halla spóirt sa scoil. Faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN), tá maoiniú méadaithe curtha ar fáil do chlár infheistíochta caipitil na hearnála scoile.

Ceadaíonn an maoiniú seo fócas leanúnach ar sholáthar áiteanna scoile buana nua chun coinneáil suas le héileamh déimeagrafach agus déanann sé foráil freisin do fhócas breise ar athchóiriú na bhfoirgneamh scoile atá ann cheana féin lena n-áirítear tógáil agus nuachóiriú saoráidí corpoideachais in iar-bhunscoileanna.

Is é tosaíocht láithreach mo Roinne ná 20,000 áit scoile nua agus athsholáthair a chur ar fáil gach bliain, chun a chinntiú go bhfuil áit scoile ag gach páiste.

Díreoidh an rialtas sa mheántéarma ar sholáthar na n-áiseanna corpoideachais in iar-bhunscoileanna.

Top
Share