Skip to main content
Normal View

Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 October 2019

Tuesday, 1 October 2019

Questions (473)

Dara Calleary

Question:

473. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ar son na hAeráide agus Comhshaoil an bhfuil iarratas déanta ag TG4 ar mhéadú ar an maoiniú a fhaigheann siad ón Roinn don bhliain 2020; má tá, cad é an méid airgid atá iarrtha agus cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39707/19]

View answer

Written answers

Tá TG4 ag fáil maoiniú Státchiste €36.233m i mbliana. Cuimsíonn sé sin maoiniú reatha €34.233m agus maoiniú caipitil €2m. Níor cinneadh an leithdháileadh maoiniúcháin do TG4 le haghaidh 2020 go fóill agus foilseofar é san Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe i mí na Nollag.

Top
Share