Skip to main content
Normal View

Soláthar Iompar Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2019

Tuesday, 15 October 2019

Questions (236)

Éamon Ó Cuív

Question:

236. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc a rinneadh chuig an rannóg iompair ina roinn maidir le híocaíocht iompair scoile (sonraí tugtha); cén chúis atá leis an moill ar chinneadh a dhéanamh sa chás seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42228/19]

View answer

Written answers

Oibríocht thábhachtach is ea Iompar Scoile atá á bainistiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne.

Is é is cuspóir do Scéim Iompair Scoile de chuid mo Roinne, le haird chuí ar na hacmhainní atá ar fáil, ná tacú le hiompar leanaí a chónaíonn i bhfad ón scoil is gaire dóibh chuig an scoil agus uaithi.

Sa scoilbhliain 2018/2019 iompraíodh breis is 117,500 leanbh, breis is 13,000 leanbh ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais san áireamh, i mbreis is 5,000 feithcil go laethúil chuig bunscoileanna agus iarbhunscoileanna ar fud na tíre. Clúdaíodh breis is 100 milliún ciliméadar agus ba é breis is €200 milliún an costas a bhí air in 2018.

Beifear ag féachaint ar an achomharc a bhfuil an Teachta Dála ag tagairt dó ag an chéad chruinniú eile den Bhord Achomhairc um Iompar Scoile ar an 17ú Deireadh Fómhair 2019.

Top
Share