Skip to main content
Normal View

An Foras Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2019

Tuesday, 15 October 2019

Questions (665)

Éamon Ó Cuív

Question:

665. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth nár chaith An Foras Teanga, de réir thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ach €13.325m den €14.028m a chuir an Roinn ar fail dóibh do 2018; cá mhéad den airgead nár caitheadh a bhain le Foras na Gaeilge agus cá mhéad a bhain leis an mBord Ultaise; cé na tograí ar bhain an tearc-chaitheamh €700,000 leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42227/19]

View answer

Written answers

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Treasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. In éagmais CATT, tá an Foras Teanga ag feidhmiú faoi réir socraithe eatramhaigh ag leibhéal buiséid a ceadaíodh i 2016.

I 2018, de bharr luaineachta sna rátaí malartaithe airgeadais, bhí róchaiteachas de €11,926 ag Gníomhaireacht na hUltaise ar bhunsoláthar na heagraíochta.  Sa bhliain chéanna, chaith Foras na Gaeilge beagnach an leithdháileadh iomlán a bhí ceadaithe dóibh faoi ré an CATT, le suim de €175,650 fagtha gan a bheith tarraingthe anuas ag deireadh na bliana.

I 2018, bhí maoiniú teagmhasach breise ar fáil i bhfomhír D de Vóta na Roinne, faoina gcuirtear maoiniú ar fáil don Fhoras Teanga, le freastal ar thionscadail aonuaire, lena n-áirítear taispeántas a fhorbairt ag oifigí Ghníomhaireacht na hUltaise i Ráth Bhoth, reáchtáil Bhliain na Gaeilge 2018 agus do chnapshuimeanna pinsin sa dá eagraíocht. Is sa bhreis ar an leithdháileadh faoi réir an CATT a bhí an maoiniú seo ar fáil. 

Maidir le híocaíochtaí pinsin, is íocaíochtaí reachtúla iad seo agus is deacair caiteachas ar chnapshuimeanna pinsin a thuar go cruinn ag tús na bliana.  Níor tháinig an riachtanas le haghaidh cnapshuimeanna chun cinn ag an méid a bhíothas ag tuar le linn 2018.   Anuas air sin, bhí fochaiteachas ag an gClár Cholmcille agus ar fhorbairt taispeántas Ghníomhaireacht na hUltaise i Ráth Bhoth.

Ag eascairt as seo uile, bhí farasbarr de €702,897 fágtha sa bhfómhír ag deireadh na bliana.  Aistríodh €500,000 de sin go dtí fomhír C9 de Vóta na Roinne le caitheamh ar sheirbhísí iompair oileáin agus chuaigh an fuílleach de €202,897 ar ais go dtí an státchiste.

Top
Share