Wednesday, 16 October 2019

Questions (285)

Pearse Doherty

Question:

285. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an gceapann sí go bhfuil cothrom na féinne á fáil ag Pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ós rud é go bhfuil €5 mhilliún sa bhreis á thabhairt don Chomhairle Ealaíon, ach nach bhfuil ach €2.4 milliún sa bhreis á thabhairt do Roinn na Gaeltachta i gcomhair na Gaeltachta, na Gaeilge, Fhoras na Gaeilge agus na n-oileán ar fad le chéile; an bhfuil cúrsaí ealaíon dhá oiread níos tábhachtaí ná inmharthanacht phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di; an lorgóidh an tAire breis maoinithe don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sna Meastacháin Athbhreithnithe roimh an Nollaig. [42623/19]

View answer

Written answers (Question to Culture)

Athníonn an Rialtas an tábhacht a bhaineann leis na hÉalaíona, an Ghaeilge agus ár nOidhreacht togtha agus Nádúrtha mar nithe idirghaolmhara dár bhféinúlacht agus dár n-oidhreacht chultúrtha.

Tá sé seo le feiceáil sna méadaithe sna hallúntais sna cláir sin le dhá bhliain anuas, ach go háirithe, i maoiniú faoi Thionscadal Éirinn 2040. Beag beann ar an gá le chur chuige cúramach maidir le hairgead poiblí i gcomhtheacs na héiginnteachta a bhaineann leis an mBreatimeacht, tá méidithe bainte amach trasna an trí clár de chuid na Roinne do 2020.

I dtéarmaí an allúntais bhreise don Chomhairle Ealaíon a bhfuil tagairt déanta dó, tá san áireamh anseo maoiniú atá athdháilithe i leith nithe atá á maoiniú ag an Roinn faoi láthair. Ar an iomlán, méadaíodh an allúntas do Chlár Cultúir (Clár A) na Roinne faoi 2% i gcomparáid le méadú de 4% do Chlár na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileáin (Clár C) de chuid na Roinne.

Ní mór don Teachta a nótáil go dtiocfaidh méadú de 4% ar sholáthar Chlar C de chuid Vóta mo Roinne don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin i 2020 le hais méadaithe de 2% ar sholáthar Chlár A do Chultúr, as a dtagann an maoiniú don Chomhairle Ealaíon.

Is é aidhm Cláir C mo Roinne tacú leis an nGaeilge agus le húsáid na teanga mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht agus cuidiu´ le forbairt inbhuanaithe an phobail ar na hoileáin. Tá maoiniú iomlán de bhreis is €58m curtha i leataobh don Chlár seo i 2020.

Leis an allúntas seo, déanfar infheistíocht bhreise a mhealladh chuig ceantair Ghaeltachta chun poist a chruthú tríd an méid atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta. Gheobhaidh an tÚdarás leithdháileadh breise caipitil de €1m chun a leithdháileadh ar bhun-chaipiteal a thabhairt suas go dtí €10m, méadú de bhreis agus 11% le hais 2019.

Chomh maith leis sin, cuirfear €200,000 breise in airgead reatha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta le dáileadh ar na chomharchumainn Ghaeltachta. Sin ós cionn €1m nó méadú de 25%, in airgead breise atá curtha ar fáil don earnáil thábhachtach seo le trí bliana anuas.

Anuas ar a ghnáthsholáthar caipitil, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar mhaoiniú breise sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan ord gan eagar.

Táim thar a bheith sásta, dár ndóigh, a bheith in ann maoiniú breise reatha agus caipitil a fháil d'Údarás na Gaeltachta le linn tréimhse a mbeidh tábhacht faoi leith ag baint le hobair na heagraíochta.

Déanfar infheistíocht leanúnach i 2020 chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Cuirfear €500,000 breise i dtreo an phróisis pleanála teanga. Tá bunú na Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht faoi lán seoil agus tá súil ag an Roinn go gceadófar suas le 23 plean teanga ar fad faoin bpróiseas roimh dheireadh na bliana. Tá 16 as 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht ceadaithe go dtí seo. Fógraíodh bearta nua le bliain anuas chun tacú leis an bpróiseas teanga, lena n-áirítear, infheistíocht shuntasach bhreise chun tacú leis an earnáil luathbhlianta, seachadadh teanga i saol an teaghlaigh agus na healaíona traidisiúnta.

Cinnteoidh leithdháileadh breise de €275,000 don bhliain 2020 go mbeidh fáil ar sheirbhísí iompair riachtanacha chuig na hoileáin. Tagann sé seo sna sála ar an gcinneadh a rinne mé le gairid Coiste Idir-Rannach maidir le Forbairt na nOileán a bhunú.

Is é aidhm Chláir D na Roinne comhoibriú Thuaidh-Theas a choinneáil, a fhorbairt agus a chur chun cinn i gcomhthéacs Chomhaontú Aoine an Chéasta a chur i bhfeidhm. Faoin gClár seo, déanfar teanga agus cultúr na Gaeilge agus an hUltaise a chur chun cinn trí Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. In éagmais Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, faraor, ní bheidh ar ár gcumas airgead breise a chur isteach sa gclár seo i 2020. É sin ráite, déanann mo Roinn gach iarracht, áit gur féidir, airgead a chur díreach chuig ceanneagraíochtaí Fhoras na Gaeilge chun tacú leo cur lena gcuid seirbhísí do phobal na Gaeilge.

Cuireadh Buiséad 2020 le chéile i gcomhthéacs Breatimeacht a bheith ar tí tarlú. Tríd an infheistíocht leanúnach seo, áfach, i gcúinsí dúshlánacha, leanfaimid le cur i bhfeidhm Straitéis 20-Bliain an Rialtais don Ghaeilge.