Skip to main content
Normal View

Feabhsú Céibheanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 October 2019

Thursday, 24 October 2019

Questions (361)

Éamon Ó Cuív

Question:

361. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le hathfhorbairt na cé in Inis Oírr; cén staid ag a bhfuil an togra seo faoi láthair; cén uair a bhfuil súil aici go mbeifear in ann tairiscintí a lorg don togra; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44006/19]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá forbairt Ché Inis Oírr san áireamh ar liosta na dtograí atá le forbairt faoi Thionscadail Éire 2040.

Tá oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair i dtreo leagan críochnúil den chás gnó i leith an togra a fhorbairt faoi réir théarmaí an Chód Chaiteachais Phoiblí faoi láthair.  Táthar ag súil go mbeidh críoch leis an bpróiseas sin go luath.  Agus an cás gnó a bheith faofa, is í an céad céim eile sa phróiseas ná tairiscintí a lorg don obair.  Beidh gach céim d'fhorbairt na cé seo le meas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil do mo Roinn agus faoi réir na bhforálacha atá san áireamh i gCód Caiteachais Phoiblí an Rialtais.

Top
Share