Wednesday, 6 November 2019

Questions (20)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

20. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a leagan amach conas a dhéanfar dul chun cinn ar thograí athbheochana dár dteanga náisiúnta laistigh de chonstaicí an mhaoinithe a leagadh amach i mBuiséad 2020. [45468/19]

View answer

Oral answers (6 contributions) (Question to Culture)

Tá an cheist seo dírithe ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ach ar ndóigh glacaim leis go mbeidh an tAire Stáit, An Teachta Kyne, ag tabhairt freagra dom agus ag leagan amach dúinn conas a dhéanfar dul chun cinn a dhéanamh ar thograí athbheochana dár dteanga de thairbhe ar na cinntí a glacadh i gcáinaisnéis 2020.

Is é an Plean Gníomhaíochta 2018-2022, a d'fhoilsigh mo Roinn i mí an Mheithimh 2018, an mapa bóithre ina ndéantar rianú ar cad a dhéanfar chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa tréimhse cúig bliana ó 2018 go dtí 2022. Os rud é go bhfuil comhfhreagracht agus comhúinéireacht ag croílár an cur chuige, is plean tras-Rannach é agus is gá do gach ceann den 60 páirtí leasmhar a ndéantar a rianú sa phlean a gcion a dhéanamh chun go mbeidh an toradh is fearr a bhféadfaí a bheith ag súil leis mar a bhaineann sé le cur chun feidhme an breis agus 180 beart atá ann.

Leagtar amach córas monatóireachta úrnua sa phlean chun a chinntiú go bhfuil cur chuige níos éifeachtaí agus trédhearcaí ann a chinnteoidh dul chun cinn mar is cuí. Mar chuid den chóras seo, tá coiste stiúrtha atá ag feidhmiú faoi chathaoirleacht mo Roinne i mbun monatóireachta ar fheidhmiú an phlean ó foilsíodh é. I gcomhréir le cinneadh Rialtais, tá beartaithe an chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn a fhoilsiú go luath tar éis í a bheith leagtha faoi bhráid an Rialtais. Is tríd an mheicníocht seo go príomha a ndéantar faireachán agus tuairisciú maidir leis an bplean.

Maidir le gnóthaí airgeadais, anuas ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge d'os cionn €11 milliún in aghaidh na bliana, tá leithdháileadh de bheagnach €58 milliún curtha ar fail i bhfomhír C de chuid mo Roinne don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin do 2020. Cuimsítear sa soláthar ardaithe mar seo a leanas: infheistíocht bhreise ar fiú €500,000 é don phróiseas pleanála teanga a chinnteoidh go dtógfar ar an obair mhaith atá ar siúl faoin bpróiseas cheana féin; ardú de €1 milliún nó 11% ar sholáthar caipitil d'Údarás na Gaeltachta chun tuilleadh a chur lena chumas a chlár oibre a chur chun cinn ar leas na Gaeltachta agus; €200,000 breise do mhaoiniú na gcomharchumann Gaeltachta. Chomh maith leis sin, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar chiste faoi leith sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan socrú. Tríd na córais threisithe mhonatóireachta agus an cistíocht bhreise ar thagair mé dó, táim sásta go bhfuil cur chuige sásúil i bhfeidhm a chinnteoidh go mbeidh cúram ceart á dhéanamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2020.

Luaigh an tAire Stáit an figiúr de €58 milliún. Ar ndóigh, ní bhaineann a lán de sin le pleanáil teanga nó le hathbheochan na teanga. Baineann sé leis an nGaeltacht nó le hobair chaipitil sna ceantair sin nó ar na hoileáin. An cheist ná cad go díreach é an caiteachas atá ag tarlú d'athbheochan ár dteanga náisiúnta. Níl mórán sa fhreagra a thug an tAire Stáit, seachas an €500,000 do phleanáil teanga dírithe ar athbheochan a dhéanamh nó fiú tarrtháil a dhéanamh ar an teanga. Thar na blianta, tá liosta mór fada tugtha don Aire Stáit ó dhreameanna difriúla. Bhí Conradh na Gaeilge thar ceann 60 grúpa agus leag sé amach an méid áirithe airgid atá ag teastáil chun a dhéanamh cinnte de go mbeadh dul chun cinn á dhéanamh bliain i ndiaidh bliana, seachas dul i gcúl. Tá mé fós ag lorg cad go díreach é an caiteachas nua chun a bheith caite, má tá sé ann, seachas an €500,000 ar phleanáil teanga.

Casaim le Conradh na Gaeilge gach uile bhliain maidir leis an gcáinaisnéis agus bhí sé ar a chumas méadú a dhéanamh ar a bhuiséad i mbliana le tacaíocht ón Aire, An Teachta Madigan, agus ón Roinn. Bhí €1 milliún breise de chaipiteal d'Údarás na Gaeltachta. Bhí Conradh na Gaeilge ag lorg an infheistíocht sin. Tá sé ag lorg níos mó agus tá sé sin ceart go leor ach táimid ag dul sa treo ceart agus tá buiséad caipitil de níos mó ná €10 milliún againn anois don chéad uair le beagnach deich mbliana anuas. Tá thart ar €7.37 milliún in 2020 le caitheamh ar thograí reatha cosúil le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, scéim na gcúntóirí teanga, scéim na gcampaí samhraidh agus cúnamh d'eagraíochtaí Ghaeilge eile ar nós Acadamh na hOllscolaíocht Ghaeilge, UISCE agus Oideas Gael.

Chomh maith leis sin, tá an buiséad ag Foras na Gaeilge agus bhí ar mo chumas breis airgid a thabhairt díreach chuig na heagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge chun cur a chumas rudaí a dhéanamh ar nós an seó bóthair agus gluaiseacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn trasna na tíre, go mór mór sna scoileanna. Tá ról fíorthábhachtach aige san obair sin.

Luaigh an tAire Stáit Údarás na Gaeltachta agus an €1 milliún breise agus go ndeachaigh sé suas go dtí €10 milliún. I 2008 bhí €25 milliún á fháil ag Údarás na Gaeltachta. Tagraím do na tograí eile atá curtha faoina bhráid le tamall de bhlianta anuas ó Chonradh na Gaeilge. Níl an t-airgead ann agus ní bheidh sé in ann cur leis na tograí sin muna thagann an t-airgead. Tá mé ag caint mar gheall ar thograí ar nós scéimeanna do thuismitheoirí, scoláireachtaí aosaigh agus ógánaigh, líonraí Gaeilge, lárionad na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá fiú. Tá a fhios agam gur thug an tAire Stáit €75,000 dó i mbliana ach níl go leor ann. Cén uair a fheicimid ardú suntasach seachas ardú suarach ar an méid airgid atá de dhíth chun ár dteanga náisiúnta a chaomhnú agus a athbheoigh sa tír seo?

Tá an ceart ag An Teachta go raibh buiséad caipitil ag Údarás na Gaeltachta de thart ar €25 milliún i 2008 ach laghdaíodh é sin go dtí €16 milliún i 2009 agus go dtí thart ar €6 milliún nó €7 milliún i 2010 sula tháinig an Rialtas seo isteach. Tá méadú ó shin ar na huimhreacha don bhuiséad caipitil freisin. Bhí ar mo chumas breis airgid reatha a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, go mór mór do na comharchumainn. Déanann na comharchumainn ar na hoileáin agus sna Gaeltachtaí uilig obair fíorthábhachtach agus táim an-sásta go raibh muid in ann breis airgid a chur ar fáil dóibh. Is é seo trí bliana i ndiaidh a chéile a bhí muid in ann breis airgid a chur ar fáil do na comharchumainn. Freisin, ó thaobh na rudaí eile a táimid ag déanamh, tá airgead curtha ar fáil don obair tábhachtach atá siad ag déanamh, mar atá luaite agam. Chomh maith leis sin, tá scéim ansin atá Údarás na Gaeltachta in ann airgead a fháil ó thaobh an scéim athghiniúint agus forbairt tuaithe ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, An Teachta Ring, agus tá an comhpháirtíocht sin idir Údarás na Gaeltachta agus grúpaí eile ann. Mar shampla, tá an Gteic oscailte sa Spidéal. D’oscail muid é coicís ó shin. Áis iontach sa Spidéal atá ansin agus bhí an comhpháirtíocht sin idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.