Skip to main content
Normal View

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 November 2019

Wednesday, 6 November 2019

Questions (28)

Catherine Connolly

Question:

28. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le Ceist Parlaiminte Uimhir 231 ar an 18ú Mean Fomhair 2019, soiléiriú a thabhairt maidir leis an gCoiste Idir-Rannach do na hOileáin, go háirithe o thaobh na dtéarmaí tagartha, na mball den choiste agus an phlean oibre; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45412/19]

View answer

Oral answers (2 contributions)

Maidir leis an gcoiste idir-rannach ó thaobh na n-oileán de, an féidir leis an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt maidir leis na téarmaí tagartha, ballraíocht an choiste agus an clár oibre?

Tá sé mar chuspóir lárnach agam, agus ag mo Roinn, go leanfaidh pobail bhríomhara, inmharthana ag cur fúthu ar na hoileáin. Ag eascairt as tuarascáil an choiste idir-rannach deiridh a foilsíodh in 1996, tugadh tús áite do bhonneagar oileáin a fhorbairt agus seirbhísí iompair a fhóirdheonú. Is obair thábhachtach leanúnach í seo agus tá go leor bainte amach ó 1996 i leith.

Tá dúshláin fós le sárú, áfach, agus chun aghaidh a thabhairt orthu seo tá mo Roinn agus ár gcomhghleacaithe sna Ranna Stáit eile ag tabhairt faoi pholasaí nua tras-Rialtais do na hoileáin a fhorbairt.

Bunaíodh coiste idir-rannach le tabhairt faoin obair seo agus tionóladh an chéad chruinniú, ar a raibh mé féin mar chathaoirleach, ar an 24 Meán Fómhair 2019. Cruinniú an-dearfach a bhí ann. Pléadh téarmaí tagartha an choiste agus tá súil ann iad seo a aontú go foirmeálta ag an chéad chruinniú eile, a thionólfar an tseachtain seo chugainn.

Faoi láthair tá ballraíocht an choiste comhdhéanta de na Ranna Stáit seo a leanas: an Roinn Cosanta; an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil; an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail; an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta; an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí; an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt; an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige; an Roinn Oideachais agus Scileanna; an Roinn Sláinte; an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; agus an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Tá plépháipéar á dhréachtú ag mo Roinn i gcomhar leis na páirtithe leasmhara a chuimseoidh polasaithe agus seirbhísí reatha na Ranna agus forais Stáit éagsúla, chomh maith leis na réimsí éagsúla a bheidh faoi chaibidil sa chomhairliúchán poiblí.

Agus an plépháipéar a bheith foilsithe, tosófar ansin ar phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin le pobail na n-oileán agus le geallsealbhóirí eile. Tá tréimhse sé mhí leagtha síos ag an gcoiste chun an chuid seo den phróiseas a chur i gcrích agus beidh oifigigh shinsearacha mo Roinne ag tabhairt cuairte ar na hoileáin le linn na tréimhse sin agus ag reáchtáil cruinnithe poiblí iontu. Beidh deis ag daoine achainí scríofa a sholáthar freisin. Beidh sé seo uile sa bhreis, dár ndóigh, ar shraith chruinnithe a thionólfar le comhlachtaí forbartha agus comharchumainn ar na hoileáin chomh maith le Comhdháil Oileáin na hÉireann.

Top
Share