Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 November 2019

Wednesday, 6 November 2019

Questions (69)

Catherine Connolly

Question:

69. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é stádas Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45410/19]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta gur chuir Foras na Gaeilge plean teanga do Chathair na Gaillimhe faoi bhráid mo Roinne ar 24 Deireadh Fómhair 2019 i gcomhréir le forálacha ábhartha Achta na Gaeltachta 2012.

Tá an plean sin á bhreithniú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.

Top
Share