Íoctar ráta caighdeánach an deontais chaipitíochta, is é sin €179 do gach dalta, le gach bunscoil seachas Gaelscoileanna atá lonnaithe lasmuigh de cheantair Ghaeltachta mar a mbíonn €23.00 sa bhreis ar an ngnáthráta deontais ar fáil do gach dalta.
Tarlaíonn a leithéid chun spreagadh breise a thabhairt do chothú úsáid na Gaeilge i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht.
Is é an costas measta dá ndéanfaí an deontas breise a chur ar fáil do gach scoil sa Ghaeltacht ná thart ar €250,000.
Aithním na dúshláin uathúla atá roimh scoileanna Gaeltachta. Foilsíodh an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 in 2016 agus cuireadh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta i bhfeidhm in Aibreán 2017 chun dul i ngleic leis na dúshláin seo. Tá an pacáiste seo a leanas d’acmhainní breise á chur ar fáil do 105 scoileanna atá lonnaithe i limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus a roghnaigh le bheith rannpháirteach sa Scéim Aitheantais:
- fáil ar dheontas bliantúil €1,200 chun acmhainní teagaisc trí mheán na Gaeilge a cheannach (meastachán costais €160,800 do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna sa Scéim in 2019)
uaireanta teagaisc do thacaíocht na Gaeilge bunaithe ar rollachan na scoile (meastachán costais €2.3m do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna sa Scéim in 2019)
- forbairt ghairmiúil leanúnach bhreise á cur ar fáil ag COGG
- tacaíocht bhreise ón gCigireacht trí chuairteanna comhairleacha chun tacú le scoileanna a spriocanna a bhaint amach maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar teanga-bhunaithe chun an tumoideachas a neartú
- Táscairí Dea-Chleachtais sa Tumoideachas: Dréacht-threoir do Bhunscoileanna Gaeltachta (2018): Tugann an Treoir seo tacaíocht phraiticiúil ar fáil do scoileanna sa Scéim chun an tumoideachas á chur i bhfeidhm.
Níl na hacmhainní breise seo ar fáil don 27 scoil sa Ghaeltacht a roghnaigh gan páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta go dtí seo. Beidh deis eile ag na scoileanna seo páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta in Earrach 2020.