Skip to main content
Normal View

Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 November 2019

Tuesday, 19 November 2019

Questions (507)

Dara Calleary

Question:

507. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an ndéanfaidh sé cur síos ar an tacaíocht a thabharfaidh sé maidir le todhchaí RnaG agus TG4 toisc go bhfuil ról tábhachtach acu ó thaobh teanga agus seirbhísí craoltóireachta poiblí de. [47083/19]

View answer

Written answers

Foráiltear don chraoltóireacht seirbhíse poiblí i gCuid 7 den Acht Craolacháin 2009. Leagtar amach san Acht sainchúram, oibleagáidí agus príomhchuspóirí na gcorparáidí craoltóireachta seirbhíse poiblí, RTÉ agus TG4, agus a gcuid oibleagáidí reachtúla. Mar a leagtar amach in Alt 114 agus in Alt 118 den Acht, tá dualgas reachtúil ar an dá chraoltóir seirbhíse poiblí réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil a léiríonn éagsúlacht chultúrtha oileán na hÉireann uile agus aird ar leith a bheith acu ar na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus go háirithe ar an nGaeilge.

Leagadh amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge roinnt gealltanas chun craolachán trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn, mar shampla, an Ciste Craolacháin a mhéadú ó 5% go 7% den mhaoiniú ón táille cheadúnais, rud a chuaigh chun tairbhe do léirithe neamhspleácha sa Ghaeilge. Tá RTÉ agus TG4 tar éis réimse leathan gealltanas eile a chur i gcrích go dtí seo agus bhí siad ag plé go díreach leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun tuilleadh gníomhartha atá le déanamh a shainaithint i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 a d’fhoilsigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i mí an Mheithimh anuraidh.

Faoi phlean gníomhaíochta Gaeilge 5 bliana RTÉ, sheol RTÉ aip Raidió na Gaeilge agus bíonn nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus réigiúnach i nGaeilge ar a shuíomh gréasáin nuachta agus ar a aip News Now anois. Sheol TG4 suíomh gréasáin athdheartha le mórghnéithe nua dóibh siúd a bheidh á úsáid sa tír seo agus ar fud na cruinne. Cinntíonn sé sin go mbeidh fáil ag lucht féachana ar fud na cruinne ar chláir Ghaeilge ar ghléasanna éagsúla.

Chun tacú leis na tionscnaimh, d’éirigh sa Roinn seo agamsa méadú €9.245m ar mhaoiniú poiblí foriomlán na craoltóireachta a bhaint amach i gCáinaisnéis 2019. Tá RTÉ ag fáil €8.6m den leithdháileadh méadaithe sin in 2019. Leithdháileadh caiteachas reatha €34.233m agus caiteachas caipitiúil €2m ar TG4 in 2019. Is méadú €443,000 ar chaiteachas reatha é sin le hais leithdháileadh 2018. Ina theannta sin, leithdháileadh deontas caipitil aon uaire €985,000 ar TG4 in 2018 le haghaidh an chaiteachais i dtaca le Bliain na Gaeilge.

Top
Share