Skip to main content
Normal View

Tionscadail Oidhreachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 November 2019

Tuesday, 19 November 2019

Questions (684)

Pearse Doherty

Question:

684. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtig léi an stádas reatha maidir le Togra Turasóireachta Shliabh Liag a chur in iúl; an bhfuil an togra críochnaithe go hiomlán nó an bhfuil oibreacha agus gnéithe éagsúla de fós le déanamh; cé mhéad airgead a caitheadh go dtí seo; cé mhéad airgead atá fós le caitheamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47649/19]

View answer

Written answers

Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta nach bhfuil aon bhaint díreach acu leis na hoibreacha atá idir lámha maidir le togra turasóireachta Shliabh Liag. Tuigtear nach raibh an tÚdarás mar chomhpháirtí maoinithe sa ghné chaipitil den togra.

É sin ráite, áfach, tuigim gur cheadaigh an tÚdarás pacáiste tacaíochta arbh fhiú €100,000 in 2018 do Chomhlacht Pobail Shliabh Liag i dtreo costais fhostaíochta agus oiliúna a bhain le córas bainistíochta comhtháite turasóireachta a chur i bhfeidhm in Ionad na gCuairteoirí atá mar chuid den fhorbairt ar an láthair.

Níl aon chuid den deontas sin íoctha go fóill. 

Top
Share