Skip to main content
Normal View

Scrúduithe Stáit

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 November 2019

Tuesday, 26 November 2019

Questions (194)

James Browne

Question:

194. D'fhiafraigh Deputy James Browne den Aire Oideachais agus Scileanna an ndéanfaidh sé ráiteas faoina sheasamh i dtaca le scrúduithe Gaeilge an Teastais Shóisearaigh; cad é a thuairim faoi na deacrachtaí maidir le scrúduithe Gaeilge an Teastais Shóisearaigh (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48629/19]

View answer

Written answers

Daltaí a chuaigh isteach sa chéad bhliain i Meán Fómhair 2017 an chéad chohórt de dhaltaí a chuaigh i gceann na sonraíochta ábhair nua don Ghaeilge faoin gCreat don tSraith Shóisearach atá le scrúdú i Meitheamh 2020.

Ós rud é go n-áirítear aiseolas leanúnach, measúnú múnlaitheach, MRBanna, tascanna measúnaithe le cois scrúduithe ceann cúrsa le gach sonraíocht ábhair nua, is gá 'rómheasúnú' a sheachaint agus ualach carnach an iomad measúnuithe ar dhaltaí agus múinteoirí a laghdú a oiread agus is féidir i réimse iomlán na n-ábhar.

Sa chomhthéacs seo, tiocfaidh na Measúnuithe Rangbhunaithe in ionad measúnuithe eile atá á ndéanamh faoi láthair ar scoil amhail scrúduithe inmheánacha. Ba chóir do scoileanna a bpolasaithe measúnaithe féin a iniúchadh agus pleanáil i dtreo Measúnuithe Rangbhunaithe do dhaltaí a theacht in ionad scrúduithe inmheánacha, nuair is cuí.

Is polasaí fada buan é de chuid CSS agus ROS (roimh bhunú CSS), páipéir shamplacha a chur ar fáil i bhfómhar bhliain an scrúdaithe don chlár atá i gceist. Leis seo, is féidir na hathruithe curaclaim, agus na hathruithe teagaisc agus foghlama a ghabhann leo, a leabú.

Dála scrúduithe 'fíora' cruthaítear páipéir shamplacha faoi ardleibhéal maoirseachta agus deimhniú cáilíochta chun a chinntiú go mbíonn siad oiriúnach don fheidhm. Déanann saineolaithe, lena n-áirítear múinteoirí ábhair, iad a réamhbhreathnú, maidir le hoiriúnacht a n-inneachair, a mhéad ar measúnú cuí iad ar na torthaí foghlama mar atá leagtha amach sa tsonraíocht bhainteach, teanga a n-inneachair agus an t-achar ama a thógfadh sé chun iad a chur i gcrích.

Sa tsonraíocht nua T1, déantar iarracht plé, sa chéad dul síos, leis na daltaí sin a dhéanann staidéar ar a gcuid ábhar uile trí mheán na Gaeilge agus táthar ag dúil, dá bharr, í a sholáthar i nGaelcholáistí, Scoileanna Gaeltachta and in Aonaid LánGhaeilge. Is le haghaidh úsáid i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla atá sonraíocht T2. De thairbhe go bhfuil dhá shonraíocht ar leith ar fáil den chéad uair riamh is féidir an t-eispéireas teagaisc agus foghlama a chur in oiriúint do chatagóirí daltaí atá an-difriúil. Go háirithe, is féidir freastal ar riachtanais foghlama atá ag foghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta, go háirithe riachtanais cainteoirí dúchais Gaeilge (agus i ngaelcholáistí agus i ngaelscoileanna) ar bhealaí nach raibh indéanta faoi na socruithe mar a bhíodh. Go ginearálta, chuir pobail agus eagrais Ghaeltachta fáilte roimh sholáthar shonraíochtaí T1 agus iad ag tacú le feidhmiú na Scéime Aitheantais Scoil Ghaeltachta.

D’eascair na hImlitreacha nua, ar dhíolúintí ó staidéar an Ghaeilge, seo ó athbhreithniú ar bheartas agus cleachtas maidir le díolúintí ó staidéar an Ghaeilge a rinne Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tógann na hImlitreacha tacaíocht ón phrionsabal maidir le cuimsiú a aithníonn an éagsúlacht leathan riachtanais ar a ndéanann an Curaclam Teanga na Bunscoile agus Sonraíocht na Sraithe Sóisearaí freastail, le heispéireas foghlaim dhifreálach á chur ar fáil do dhaltaí i dtimpeallacht ionchuimsitheach scoile. Tá na cúinsí inar féidir díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge a dheonú do dhalta a fháil leagtha amach i mír 2.2 de na himlitreacha seo a bhaineann le Scoileanna Béarla amháin. Tá mo Roinn tiomanta le cur i bhfeidhm  agus monatóireacht na hImlitreacha nua seo agus ar athbhreithniú a dhéanamh orthu tar éis dhá bhliain dóibh bheith i bhfeidhm.

Tá an Roinn tiomanta fós do chur chun cinn úsáid na Gaeilge labhartha. Tá forbairt scileanna teanga labhartha na ndaltaí chun tosaigh sna sonraíochtaí nua Gaeilge ag an tSraith Shóisearach. Is gné bhunúsach de theagasc agus foghlaim é comhtháthú na litríochta. Ba chóir forbairt scileanna teanga agus fiosrú téacsanna liteartha a chomhtháthú sa seomra ranga mar áis forbartha teanga. Leis an litríocht, tacaítear le forbairt teanga agus litearthachta, scileanna criticiúla agus cruthaitheacha, tuiscintí cultúrtha agus forbairt phearsanta.

Top
Share