Skip to main content
Normal View

Buiséad Fhoras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 3 December 2019

Tuesday, 3 December 2019

Questions (644)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

644. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an aontaíonn sí nach bhfuil cothrom na féinne á fháil ag pobal na Gaeilge de bharr na hinfheistíochta easnamhaí agus míchothroime atá déanta tríd an ngníomhaireacht trasteorann, Foras na Gaeilge, ar laghdaíodh a bhuiséad de €700,000 le trí bliana anuas, i gcomparáid leis an gComhairle Ealaíon, ar méadaíodh a buiséad de €12 mhilliún sa tréimhse chéanna; an lorgóidh an tAire maoiniú breise don Ghaeilge sna meastacháin athbhreithnithe roimh an Nollaig i bhfianaise go mbeidh ardú buiséid ann do na heagraíochtaí trasteorann Uiscebhealaí Éireann agus InterTrade Ireland. [49852/19]

View answer

Written answers

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016 i Leith agus, dá bhrí sin, níl na buiséid i leith 2017, 2018 agus 2019 ceadaithe go hoifigiúil go fóill. Idir an dá linn, tá sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile sna blianta 2017, 2018 ,2019 agus 2020 de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016.

Ar an mbonn sin, i 2019 íocfaidh mo Roinn €11,087,183 (75% den ollbhuiséad CATT) d'Fhoras na Gaeilge. Anuas air sin, cuirfidh mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge (€1,061,165) agus Colmcille (€118,519). Is fiú a nótáil freisin go ligtear d'Fhoras na Gaeilge an t-ioncam breise a ghintear ó dhíol leabhar agus eile a choinneáil le caitheamh ar a chuid gníomhaíochtaí.

Tá maoiniú iomlán de bhreis is €58m curtha i leataobh do chúramaí na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán de chuid mo Roinne i gCáináisnéis 2020.

Ba i gcomhthéacs Breatimeacht a bheith ar tí tarlú a cuireadh an Cháináisnéis seo le chéile, rud a chuir iachall ar an Rialtas a bheith stuama maidir lenár gcinntí i ndáil le maoiniú do 2020. É sin ráite, táim sásta go bhfuil na hallúntais atá curtha ar fáil dom le cúpla bliain anuas le caitheamh ar chláir Gaeilge agus Gaeltachta mo Roinne agus na n-eagras atá faoina cúram á chaitheamh go stuama ar mhaithe leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn agus a fhorbairt.

Top
Share