Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 May 2020

Wednesday, 13 May 2020

Questions (1307)

Éamon Ó Cuív

Question:

1307. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na Cé in Inis Oírr; cén uair atá súil aici deontas a cheadú don obair riachtanach ar an gCé a bhfuarthas cead pleanála di i 2008; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3949/20]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá forbairt Ché Inis Oírr san áireamh ar liosta na dtograí atá le forbairt faoi Thionscadail Éire 2040.

Cuirfear an fhorbairt seo chun cinn faoi réir théarmaí an Chód Chaiteachais Phoiblí. Mar chuid den Chód sin, tá oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag comhoibriú ar chás gnó i leith an togra a chríochnú faoi láthair.

Agus an chéim sin curtha i gcríoch, déanfar an cás le haghaidh an togra a thabhairt go dtí céim na tairisceana a mheas i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar thograí caipitil agus na n-éileamh éagsúla ar an airgead sin.

Top
Share