Skip to main content
Normal View

Foireann Seirbhíse Sláinte

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 May 2020

Wednesday, 13 May 2020

Questions (634)

Éamon Ó Cuív

Question:

634. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén fáth nach bhfuil ach conradh bliana á thairiscint maidir le post an dochtúra ar Inis Oírr; cé na socruithe atá i bhfeidhm chun locum a chur ar fáil don dochtúir atá ag obair ar an oileán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4650/20]

View answer

Written answers

Toisc go mbaineann an cheist seo le hábhar seirbhíse, tá socrú déanta agam go ndéanfar í a tharchur chuig Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte, le haghaidh freagra díreach a sheoladh don Teachta.

Top
Share