Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 June 2020

Wednesday, 3 June 2020

Questions (1283)

Éamon Ó Cuív

Question:

1283. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhógrofar pacáiste cúnaimh dúnadh Coláistaí Gaeilge mná tí agus pobail de bharr nach mbeidh na Coláistí Gaeilge ar oscailt I mbliaina; an fáth go bhfuil an oiread moille ar an gcoinneadh; ar chuir sí mbeanran faoi bhráid an rialtais faoin ábhar seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8942/20]

View answer

Written answers

Beidh áthas ar an Teachta a chloisteáil gur fhógair mé an tseachain seo caite go bhfuil beart éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m é ceadaithe agam chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá an tionscnamh cobhsaithe á fheidhmiú mar bheart sonrach aon uaire chun inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus, dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus an Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018–2022.

Faoin tionscnamh cobhsaithe, cuirfear tacaíocht ar fiú suas le €3.1m é i dtreo údaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí agus cuirfear €1.6m ar fáil chun tacú leis an 700 teaghlach Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín deimhnithe ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Tuigim go maith na dúshláin ar leith atá roimh na pobail Ghaeltachta de bharr chinneadh mo Roinne nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo. Cheadaigh mé an tionscnamh cobhsaithe seo ar fiú €4.7m é chun an earnáil a chobhsú ar bhealach a thugann aitheantas don tairbhe a bhaineann leis an gcóras faoina dtugtar  deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga taobh amuigh den seomra ranga do 26,000 scoláire gach bliain.

Tugann an earnáil seo, a bhfuil luach measta timpeall €50 milliún go bliantúil don gheilleagar i réigiúin Ghaeltachta bainteach leis, foinse luachmhar ioncaim don 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar na cúrsaí mar aon le tairbhe níos leithne do na pobail Ghaeltachta. Ar an mbunús seo agus ar mhaithe le hinmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú oiread agus is féidir, i gcomhthéacs leas níos leithne na teanga, bhí áthas orm a bheith in ann an tionscnamh cobhsaithe seo a chur ar fáil.

Beidh an Roinn i dteagmháil leis an páirtithe leasmhara éagsúla - idir lucht stiúrtha na gColáistí Gaeilge agus na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil - sna laethanta atá amach romhainn chun na socruithe cuí a chur i bhfeidhm.

Top
Share