Skip to main content
Normal View

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 June 2020

Tuesday, 16 June 2020

Questions (1108)

Catherine Connolly

Question:

1108. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh beartas a fhorbairt do na hoileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11414/20]

View answer

Written answers

Bhunaigh an Rialtas Coiste Idir-Rannach do na hOileáin i mí Iuil 2019 agus, ag eascairt as cruinnithe den choiste seo, aontaíodh ar phlean oibre chun polasaí oileánda a ullmhú.

Mar chuid den phróiseas seo, réitíodh agus foilsíodh plépháipéar le hionchur ó na ranna stáit éagsúla. Leag an plépháipéar amach eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil do na hoileáin cheanna féin a bheadh mar áis don phróiseas comhairliúchán.

Ó mhí Eanáir ar aghaidh, d'eagraigh oifigigh ó mo Roinn sraith cruinnithe comhairliúcháin chun deis a thabhairt do phobail na n-oileán a gcuid tuairimí faoin bpolasaí agus faoi riachtanais na n-oileán a nochtadh.

Go dtí seo, tionóladh cruinnithe ar aon oileán dhéag mar seo a leanas:

Inis Arcáin

9 Eanáir 2020

Faoide

10 Eanáir 2020

Baoi

10 Eanáir 2020

An t-Oileán Mór

17 Eanáir 2020

Inis Oírr

22 Eanáir 2020

Inis Mór

29 Eanáir 2020

Inis Meáin

30 Eanáir 2020

Inis Uí Dhrisceoil

7 Feabhra 2020

Inis Fada

7 Feabhra 2020

Cléire

7 Feabhra 2020

Árainn Mhór

13 Feabhra 2020

B'éigean do mo Roinn an próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur ar athló de bharr na géarchéime COVID-19. Socrófar cruinnithe ar na hoileáin eile a luaithe agus is féidir.

Is próiseas cuimsitheach comhairliúcháin atá ar siúl agus is é an chéad chéim eile sa phróiséas ná cruinnithe a thionól le páirtithe leasmhara eile, eagrais Stáit san áireamh, a chuireann seirbhísí ar fáil do na hoileáin. 

Top
Share