Skip to main content
Normal View

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 June 2020

Tuesday, 16 June 2020

Questions (286)

Catherine Connolly

Question:

286. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna an gcinnteoidh sé nach gcaillfidh scoil (sonraí tugtha) an ceathrú múinteoir i Meán Fómhair 2020, ag féachaint go háirithe do na dualgais bhreise atá ar an bhfoireann scoile maidir le Covid-19; an ndéanfaidh sé é sin a dheimhniú don Phríomhoide chomh sciobtha agus is féidir ionas go mbeidh siad in ann plean bliana a réiteach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11408/20]

View answer

Written answers

Is í an phríomhthoisc don chinneadh ar na hacmhainní foirne a chuirtear ar fáil ag leibhéal scoile aonair ná an sceideal foirnithe don scoilbhliain ábhartha agus rolluithe na ndaltaí an 30 Meán Fómhair roimhe sin. Tá meicníocht achomhairc mar chuid den sceideal foirnithe inar féidir le scoileanna achomharc foirnithe a dhéanamh faoi chritéir áirithe chuig Bord Achomhairc neamhspleách.

Tá post ar achomharc foirne bronnta ar an scoil dá dtagraíonn an Teachta, ar bhonn sealadach ag brath ar dheimhniú rolluithe an 30 Meán Fómhair 2020.

The key factor for determining the level of staffing resources provided at individual school level is the staffing schedule for the relevant school year and pupil enrolments on the previous 30 September. The staffing schedule includes an appeals mechanism for schools to submit a staffing appeal under certain criteria to an independent Appeals Board.

The school referred to by the Deputy has been granted a staffing appeal post, on a provisional basis pending confirmation of enrolments on 30th September 2020.

Top
Share