Skip to main content
Normal View

Covid-19 Pandemic

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 June 2020

Tuesday, 23 June 2020

Questions (449, 450, 451, 452)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

449. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte cá mhéad fógra raidió éagsúil a cruthaíodh as Béarla agus cá mhéad fógra raidió éagsúil a cruthaíodh as Gaeilge maidir le héigeandáil Covid-19 ó thosaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus a Roinn ag cruthú fógraí raidió; cá mhéad staisiún raidió ar cuireadh na fógraí as Béarla lena gcraoladh agus cá mhéad staisiún Gaeilge ar cuireadh na fógraí as Gaeilge lena gcraoladh; cá mhéad airgead a caitheadh ar na fógraí as Gaeilge; agus cá mhéad airgead a caitheadh ar na fógraí as Béarla. [12036/20]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

450. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte cá mhéad fógra teilifíse éagsúil a cruthaíodh as Béarla agus cá mhéad fógra teilifíse éagsúil a cruthaíodh as Gaeilge maidir le héigeandáil Covid-19 ó thosaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus a Roinn ag cruthú fógraí teilifíse; cén córas a cuireadh ar bun lena scaipeadh ar na stáisiúin teilifíse agus cad iad na stáisiúin teilifíse ar scaipeadh na fógraí as Béarla agus cad iad na stáisiúin teilifíse ar scaipeadh na fógraí as Gaeilge; cá mhéad airgead a caitheadh ar na fógraí as Gaeilge; agus cá mhéad airgead a caitheadh ar na fógraí as Béarla. [12037/20]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

451. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte cá mhéad fógra as Gaeilge a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chuig na stáisiúin ó thosaigh FSS agus a Roinn ag cruthú fógraí raidió agus fógraí teilifíse d’éigeandáil Covid-19. [12038/20]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

452. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte an n-aontaíonn sé go mbíonn daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá nó agus daoine ar mhaith leo an Ghaeilge a chloisteáil ag éisteacht le stáisiúin raidió agus teilifíse éagsúla agus nár leor fógraíocht faoi Covid-19 a theorannú do Raidió na Gaeltachta agus do TG4 chun freastal ar an bpobal go cothrom. [12039/20]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 449 to 452, inclusive, together.

Mar chuid dár fhreagairt faisnéise poiblí ar COVID-19, chuir mo Roinn trí fheachtas fógraíochta craolta le chéile – dhá fheachtas raidió agus feachtas amháin don teilifís.

Bhí sé mar aidhm ag feachtas teilifíse na Roinne siopadóireacht shábháilte le linn COVID-19 a chur chun cinn. Táirgeadh é i mBéarla ar chostas €114,965.33 agus craoladh é ar RTÉ a hAon, Virgin Media a hAon agus TG4.

Bhí cur chun cinn Feachtais Folláine na Roinne agus cur chun cinn feasachta maidir le thionscnamh na Foirme Aimsithe Paisinéirí COVID-19 mar aidhmeanna ag dhá fheachtas raidió na Roinne. Ba é costas iomlán na bhfeachtais seo ná €825,142.79 ar fhógraí i mBéarla agus €4,023.28 i nGaeilge.

Chuimsigh feachtais raidió na Roinne 13 fhógra Béarla a craoladh ar fud 32 stáisiún raidió náisiúnta, ilchathrach agus réigiúnach/áitiúil agus fógra Gaeilge amháin a craoladh ar stáisiún raidió amháin.

Tá mo Roinn tiomanta do chomhairle sláinte poiblí a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla. B’iad príomhfhócas ár bhfeachtais sláinte poiblí ná comhairle a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Rialtais agus póstaeir comhairle sláinte poiblí agus leabhráin faisnéise a chur amach.

Bhí suíomh gréasáin an Rialtais ina fhoinse faisnéise don phobal le linn na géarchéime seo agus déantar é a nuashonrú agus a aistriú go Gaeilge go rialta. Cuireadh gach preasráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála um Shláinte Phoiblí (FNÉSP/NPHET), in éineacht lena n-aistriúcháin Ghaeilge, suas ar líne.

Sheachaid An Post leabhrán Faisnéise Poiblí COVID-19, a foilsíodh i mBéarla agus i nGaeilge, agus póstaer dátheangach dátheangach maidir le ní na lámh chuig gach teaghlach sa tír. D'éascaíomar craoltaí an chláir Nuacht ó mo Roinn agus d' éascaíomar ceisteanna Gaeilge ag ár seisiúin faisnéise don phreas maidir le COVID-19.

Ina theannta sin, cuireadh amach gach póstaer comhairle sláinte poiblí i mBéarla agus i nGaeilge agus roinneadh iad ar fud gach Roinn rialtais agus páirtithe leasmhara rialtais. Tá siad ar fáil freisin le híoslódáil ó shuíomh gréasáin an Rialtais sa dá theanga le haghaidh úsáide príobháidí agus tráchtála

ag https://www.gov.ie/en/collection/ee0781-covid-19-posters-for-public-use/. Tá mo Roinn tiomanta i gcónaí chun a cuid oibleagáidí go léir faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus chun comhairle agus treoir thráthúil bhríoch a sholáthar trí Ghaeilge le linn na géarchéime seo.

Maidir le gnéithe de na ceisteanna seo a bhaineann le FSS, d’iarr mé orthu freagra díreach a thabhairt don Teachta.

Top
Share