Skip to main content
Normal View

Covid-19 Pandemic

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 June 2020

Tuesday, 23 June 2020

Questions (453)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

453. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte cá mhéad post nó tvuít nó teachtaireacht eile a cuireadh amach as Béarla agus cá mhéad post nó tvuít nó teachtaireacht eile a cuireadh amach as Gaeilge maidir le héigeandáil Covid-19 ar na meáin shóisialta ó thosaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus a Roinn ag cur poist nó tvuíteanna nó teachtaireachtaí eile maidir le héigeandáil Covid-19 ar na hardáin seo a leanas de chuid na meán sóisialta, arna bhriseadh síos de réir ardáin (sonraí tugtha); cá mhéad airgead a caitheadh ar fhógraíocht as Béarla; agus cá mhéad airgead a caitheadh ar fhógraíocht as Gaeilge maidir leis an éigeandáil ar na meáin sin ar fad, arna bhriseadh síos de réir ardáin. [12040/20]

View answer

Written answers

Suas go dtí an 15ú Meithimh, 2020, ba iad seo leanas líon na bpostálacha ó mo Roinn ar mheáin shóisialta

- 918 postáil ar Twitter, 30 acu i nGaeilge

- 191 postáil ar Instagram, 9 gcinn acu i nGaeilge

- 178 postáil ar Facebook, 21 acu i nGaeilge

- Níl cuntas TikTok ag mo Roinn.

Baineann na postálacha seo le beoshruthanna de sheisúin faisnéise preasa mo Roinne, le nuashonruithe ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála um Shláinte Phoiblí (FNÉSP/NPHET), le preaseisiúintí mo Roinne, le cur chun cinn físeáin agus ábhar meán sóisialta eile a cuireadh amach chun aird a tharraingt ar chomhairle sláinte phoiblí maidir le COVID-19 agus le postálacha a threoraíonn úsáideoirí na meáin sóisialta chuig comhairle agus treoir COVID-19 ar shuíomh gréasáin an Rialtais.

Dearbhaím gur chaith mo Roinn €20,744.95 ar fhógraíocht ar na meáin shóisialta le linn na géarchéime COVID-19.

Tá mo Roinn tiomanta i gcónaí chun a cuid oibleagáidí go léir faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus chun comhairle agus treoir thráthúil bhríoch a sholáthar trí Ghaeilge le linn na géarchéime seo.

Maidir le gnéithe de na ceisteanna seo a bhaineann le FSS, d’iarr mé orthu freagra díreach a thabhairt don Teachta.

Top
Share