Skip to main content
Normal View

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 June 2020

Tuesday, 30 June 2020

Questions (916)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

916. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén plean atá ag an Rialtas chun a chinntiú nach ndéanfar slad éagothrom arís ar Údarás na Gaeltachta i gcomparáid leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail agus le Fiontraíocht Éireann agus chun a chinntiú go ndéanfar infheistiú suntasach d’fhonn cothromú a dhéanamh ar an slad ó 2018 chun go gcuirfear ar chumas an Údaráis fostaíocht a chruthú agus teacht i dtír ar éigeandáil Covid-19; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13069/20]

View answer

Written answers

I dtús báire, is mian liom a chur in iúl do Teachta go bhfuil soláthar iomlán de €23.652m curtha ar fáil ag mo Roinn d’Údarás na Gaeltachta in 2020. Baineann €10m den soláthar seo le buiséad caipitil na heagraíochta chun fostaíocht a chruthú.

Sa bhreis air sin, tá ciste suas le €10.484m san iomlán curtha ar fáil don Údarás faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, chomh maith leis an gCiste um Forbairt Fiontraíochta Réigiúnaí le dhá bhliain anuas.

Is mian liom an Teach a chur ar an eolas go raibh an leibhéal is mó fostaíochta le 11 bliain i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2019.  Cruthaíodh 593 post nua lánaimseartha - rud a chiallaigh glanmhéadú de 219 post lánaimseartha.  D’fhág sé seo go raibh 7,844 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2019.

Ó thárla géarchéim COVID-19, bíonn teagmháil leanúnach ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh Údarás na Gaeltachta faoin tionchar a d’fhéadfadh an ghéarchéim a imirt ar chliantchomhalachtaí na heagraíochta.

An tseachtain seo caite, d'fhógair mo Roinn go mbeadh rochtain ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar réimse iomlán tacaíochtaí faoin gCiste Cothaithe Fiontair agus €5 milliún breise ar fail i mbliana mar thús don eagraíocht, le hathbhreithniú le bheith déanta ar a cuid riachtanas roimh dheireadh na bliana.  Cinntíonn sé seo go mbeidh rochtain ag fiontair Ghaeltachta ar an gCiste €180m Cothaithe Fiontair, atá á riar ag na háisíneachtaí Stáit le cúramaí fiontraíochta, faoi mar a aontaíodh ag an Roinn Fiontair, Gnó agus Nuálaíochta leis an Coimisiún Eorpacha faoin gcreat sealadach cúnaimh Stáit.

Tagann sé seo sna sála ar mhaoiniú breise de €0.6m a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin chun an Scéime Trádála Ar Líne a fheidhmiú sa Ghaeltacht.  Is mar thoradh ar an gcomhoibriú leanúnach idir mo Roinn agus Údaras na Gaeltachta agus na ranna agus áisíneachtaí ábhartha eile Stáit atá na tacaíochtaí praiticiúla seo curtha ar fáil do ghnólachtaí atá buailte de bharr Covid-19.

Top
Share