Skip to main content
Normal View

Buiséad Fhoras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 June 2020

Tuesday, 30 June 2020

Questions (917)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

917. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na bearta a dhéanfaidh an Rialtas chun buiséad líne Fhoras na Gaeilge a ardú, ar a laghad go dtí an leibhéal ar a raibh sé in 2007, chun a chumasú don Fhoras tacaíocht a thabhairt don teanga i rith éigeandáil Covid-19 agus dá héis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13071/20]

View answer

Written answers

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016 i leith agus, dá bhrí sin, níl na buiséid i leith 2017 go 2020 ceadaithe go hoifigiúil go fóill. Idir an dá linn, ó 2017, tá sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016.

I mbliana, íocfaidh mo Roinn €11,087,183 (75% den ollbhuiséad CATT) d'Fhoras na Gaeilge. Anuas air sin, cuirfidh mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge (€1,061,165) agus Colmcille (€118,519). Is fiú a nótáil freisin go ligtear d'Fhoras na Gaeilge an t-ioncam breise a ghintear ó dhíol leabhar agus eile a choinneáil le caitheamh ar a chuid gníomhaíochtaí.

Ba mhaith liom a threisiú go bhfuil an Rialtas ag tacú i gcónaí le clár oibre Fhoras na Gaeilge chun an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin. Táim sásta go bhfuil na hallúntais atá curtha ar fáil dom le cúpla bliain anuas le caitheamh ar chláir Ghaeilge agus Ghaeltachta mo Roinne agus na n-eagras atá faoina cúram á chaitheamh go stuama ar mhaithe leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn agus a fhorbairt.

Is mian liom a dheimhniú go mbíonn oifigigh mo Roinne i dteagmháil ar bhonn rialta le Foras na Gaeilge ar mhaithe le riachtannais na heagraíochta, riachtannais de bharr na paindéime COVID-19 san áireamh, a phlé. 

Top
Share