Skip to main content
Normal View

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 July 2020

Tuesday, 14 July 2020

Questions (367)

Éamon Ó Cuív

Question:

367. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth gur campaí samhraidh amuigh faoin spéir amháin atá ceadaithe ag an Roinn i mbliana, go mór mór ag togáil san áireamh na háiseanna breátha pobail atá ar fáil ar fud na Gaeltachta agus an drochaimsir atá coitianta in Éirinn; an raibh sé seo bunaithe ar chomhairle sláinte phroifisiúnta; má bhí, an bhfuil sí sásta an chomhairle seo a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15659/20]

View answer

Written answers

De thoradh na paindéime, bhí sé idir dhá cheann na meá an mbeifí in ann dul ar aghaidh le reáchtáil campaí samhraidh sa Ghaeltacht i mbliana. Tar éis an cheist a bheith cíortha go cúramach ag an Roinn le páirtithe leasmhara eile, tógadh an cinneadh go bhféadfaí dul ar aghaidh le campaí faoin aer amháin agus cuireadh é sin in iúl do Mhuintearas, fóchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, a dhéanann riar ar an scéim, ar 1 Iúil. Ina theannta sin, ar ndóigh, tá roinnt srianta eile iarrtha orthu a chur i bhfeidhm chomh maith ar mhaithe le cúram a dhéanamh de shláinte díobh siúd a bheidh ag freastal ar champaí agus ina bhfeighil chomh maith.

Níor mhiste a lua go deimhin gur iarradh ar Mhuintearas prótocal Covid a chur faoi bhráid na Roinne/an Údaráis sular tógadh an cinneadh agus gur mar chuid den phótocal sin a mhol an eagraíocht gur campaí faoin aer amháin a bheadh aitheanta an samhradh seo.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mo Roinn ag cur sláinte an phobail chun tosaigh thar aon ní eile sna cúinsí reatha.

Agus campaí samhraidh 2020 faoi chaibidil, dírim aird an Teachta ar an dá shraith teilifíse laethúil atá á gcraoladh faoi láthair ag TG4; Campaí Cúla4 a thosaigh ar 29 Meitheamh agus atá á chraoladh le tacaíocht mo Roinne agus Foras na Gaeilge agus ina theannta sin, Cúl Camps a chraoltar i gcomhar le CLG/Kellogs.

Top
Share