Tá Páirc na Mara, páirc nuálaíochta muirí íseal-charbóin nua-aimseartha aitheanta mar cheann de thionscnaimh straitéiseacha Údarás na Gaeltachta chun fás san earnáil mara a chur chun cinn agus chun fás eacnamaíoch agus fostaíochta i gceantar tuaithe a chumasú. Le dhá bhliain go leith anuas, i gcomhairle le páirtithe straitéiseacha, tá obair agus infheistíocht shuntasach déanta ag Údarás na Gaeltachta chun pleananna a chur i dtoll a chéile chun an pháirc nuálaíochta muirí chomhaimseartha seo a fhorbairt. Mar chuid den obair seo, thug feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta faoi phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin agus eolais le pobal an cheantair ina bhfuil sé beartaithe Páirc na Mara a lonnú, próiseas ina raibh an Ghaeilge go hiomlán chun cinn idir chruinnithe, ábhar foilsithe eolais agus idirghníomhaíocht.
Fostaíodh comhairleoirí neamhspleácha innealtóireachta chun an t-iarratas pleanála do Pháirc na Mara a réiteach thar ceann Údarás na Gaeltachta, ó tharla ard-leibhéal speisialtóireachta a bheith i gceist leis an iarratas. Tá deimhnithe ag Údarás na Gaeltachta dom gur i nGaeilge amháin a bhíonn iarratais phleanála a ullmhaíonn feidhmeannaigh an Údaráis féin, ach sa chás seo, nach raibh an cumas sin ag na comhairleoirí sainréimse a bhí i mbun iarratas pleanála Pháirc na Mara. Aithníonn Údarás na Gaeltachta gur chóir treoir shonrach a bheith tugtha do na comhairleoirí an t-iarratas pleanála a bheith déanta i nGaeilge, ainneoin speisialtóireacht an ábhair, agus táthar anois i mbun athbhreithniú maidir leis an gcóras a bhaineann le tríú páirtí a bheith i mbun iarratas pleanála thar ceann na heagraíochta.
Tá an fhorbairt seo lárnach i ngnímhphlean chúig bliana Iorras Aithneach, a d’fhorbair Údarás na Gaeltachta i bpáirtnéireacht leis an bpobal áitiúil, chun an ceantar Gaeltachta seo a fhorbairt, le dul i ngleic le dúshláin dífhostaíochta agus imirce agus le tógáil ar na hacmhainní suntasacha atá sa gceantar - lena n-áirítear acmhainní mara ach go háirithe.