Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 July 2020

Tuesday, 21 July 2020

Questions (255)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

255. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar lorg sí athbhreithniú ar an gcinneadh sláinte nach n-osclófar campaí samhraidh Muintearas srl i mbliana ach amháin iad siúd a bheidh amuigh faoin aer, ionas go ligfear dóibh siúd ag a raibh hallaí nó ionaid phobail srl a bhí mór go leor a bheith istigh ar feadh cuid de na campaí samhraidh [17407/20]

View answer

Written answers

Bhí an cheist faoi an mbeifí in ann dul ar aghaidh le reáchtáil Scéim na gCampaí Samhraidh ar chor ar bith an samhradh seo idir dhá cheann na meá mar gheall ar Covid-19. Ar mhaithe leis an gcinneadh cuí a dhéanamh faoin ábhar trí chéile iarradh dréacht-prótacal ón eagraíocht Muintearas - atá freagrach as an scéim a riar - ina leagfaí amach an chaoi a mbeadh sé beartaithe acu cúram a dhéanamh de ghnóthaí Covid-19 agus camapí samhraidh ar bun.

Tar éis an prótacal sin a fháil agus a bheith scrúdaithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag mo Roinn araon, rinneadh an cinneadh glacadh lena raibh molta ag Muintearas tairbhe na scéime a theorannú do champaí faoin aer. In éindí leis an gcoinníoll sin, cuireadh roinnt coinníollacha eile leis an gcead ar mhaithe le féachaint chuige go raibh cúram cuí déanta de lucht freastail agus eagraithe na gcampaí chomh maith le foireann Muintearais iad féin mar a bhaineann sé le baol Covid-19.

Tuigfidh an Teachta nach foláir leas sláinte an phobail a chur chun tosaigh i gcónaí agus táim sásta sna tosca reatha gur deineadh é seo mar a bhaineann le an gcoinníoll áirithe seo chun aitheantas faoin scéim a theorannú do champaí faoin aer.

Top
Share