Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 July 2020

Wednesday, 22 July 2020

Questions (105)

Catherine Connolly

Question:

105. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí ar an eolas maidir leis na deacrachtaí atá ag an Scéim Pobal Gaeilge, an scéim tacaíochta pobail is mó rath atá ag Foras na Gaeilge, de bharr easpa maoinithe agus an bhaoil mhóir atá ann dá bharr sin nach rachaidh an scéim ar aghaidh níos déanaí sa bhliain; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17458/20]

View answer

Written answers

Thug Foras na Gaeilge Scéim Phobail Gaeilge (SPG) isteach i 2005 chun deis a thabhairt do choistí pobail deonacha áitiúla iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais i dtreo na gcostas a bhaineann le plean gnó trí bliana a chur i bhfeidhm d’fhorbairt agus do fheabhsú na Gaeilge. Déanadh leasú ar an scéim don chéad uair in 2016

Aithníonn Foras na Gaeilge go gcaithfear athruithe suntasacha a dhéanamh ar an scéim mar atá sí faoi láthair. De réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, agus tuiscint Fhoras na Gaeilge ar dhea-chleachtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn, aithnítear gur chóir go mbeadh béim ann anois ar phleanáil fhadtéarmach teanga agus ar phleanáil straitéiseach.

Tionóladh réamh-chruinnithe comhairliúcháin ag Foras na Gaeilge, i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael, leis na páirtithe leasmhara siar in 2019. Eagraíodh réamh-chruinnithe eile i mí an Mheitheamh na bliana seo ar a fhreastail suas le 80 duine nuair a pléadh moltaí cháipéis chomhairliúcháin a bhí eisithe ag an bhForas leis na páirtithe leasmhara éagsúla.

Dúnadh an próiseas comhairliúcháin a bhí ar bun ag Foras na Gaeilge i dtaca le hathstruchtúrú na scéime Dé Aoine seo caite 17ú Iúil 2020 agus tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil siad sásta leis an líon aighneachtaí atá faighte acu ag éirí as an phróiseas. Ceapfar Comhairleoir neamhspleách anois le tuairisc a chur le chéile ar na haighneachtaí sin.

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mé féin agus oifigigh mo Roinne ar an eolas faoi mhianta na ngrúpaí a fhaigheann tacaíocht faoin scéim reatha agus gur chas mo chuid oifigigh leis an Roinn Pobal ó thuaidh, le Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge , Glór na nGael agus páirtithe chun na mianta sin a phlé.

Top
Share