Skip to main content
Normal View

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 July 2020

Wednesday, 22 July 2020

Questions (26)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

26. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén céimeanna atá glactha aici chun cuidiú le Údarás na Gaeltachta teacht tríd an géarrchéim Covid-19 agus an easpa maoine atá ortha le breis is 10 mbliana. [17296/20]

View answer

Written answers

I dtús báire, is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil soláthar iomlán de €23.652m curtha ar fáil ag mo Roinn d’Údarás na Gaeltachta in 2020. Baineann €10m den soláthar seo le buiséad caipitil na heagraíochta chun fostaíocht a chruthú agus is ionann sin agus méadú de bhreis agus 11% le hais an tsoláthair a bhí ann anuraidh.

Tá €200,000 breise in airgead reatha á chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2020 le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus na comharchumainn Ghaeltachta. Is ionann seo agus ardú 25% le 3 bliana anuas ar an gciste seo. Fágann sé sin go bhfuil soláthar iomlán de €4.05m ar fáil don Údarás in 2020 le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus na comharchumainn Ghaeltachta.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil maoiniú breise de €3m á chur ar fail ag mo Roinn don Údarás in 2020 maidir le gníomhaíochtaí pleanála teanga i dteannta le €350,000 le haghaidh gníomhaíochtaí cultúrtha.

Sa bhreis air sin ar fad, tá ciste suas le €10.484m san iomlán curtha ar fáil don Údarás faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, chomh maith leis an gCiste um Forbairt Fiontraíochta Réigiúnaí le dhá bhliain anuas.

Is mian liom an Teach a chur ar an eolas go raibh an leibhéal is mó fostaíochta le 11 bliain i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2019. Cruthaíodh 593 post nua lánaimseartha - rud a chiallaigh glanmhéadú de 219 post lánaimseartha. D’fhág sé seo go raibh 7,844 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2019.

Ó thárla géarchéim COVID-19, bíonn teagmháil leanúnach ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh Údarás na Gaeltachta faoin tionchar a d’fhéadfadh an ghéarchéim a imirt ar chliantchomhalachtaí na heagraíochta.

Cúpla seachtain ó shin, d'fhógair mo Roinn go mbeadh rochtain ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar réimse iomlán tacaíochtaí faoin gCiste Cothaithe Fiontair agus €5 milliún breise ar fáil i mbliana mar thús don eagraíocht, le hathbhreithniú le bheith déanta ar a cuid riachtanas roimh dheireadh na bliana. Cinntíonn sé seo go mbeidh rochtain ag fiontair Ghaeltachta ar an gCiste €180m Cothaithe Fiontair, atá á riar ag na háisíneachtaí Stáit le cúramaí fiontraíochta, faoi mar a aontaíodh ag an Roinn Fiontair, Gnó agus Nuálaíochta leis an Coimisiún Eorpacha faoin gcreat sealadach cúnaimh Stáit.

Tagann sé seo sna sála ar mhaoiniú breise de €0.6m a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta cúpla seachtain roimhe sin chun an Scéime Trádála Ar Líne a fheidhmiú sa Ghaeltacht. Is mar thoradh ar an gcomhoibriú leanúnach idir mo Roinn agus Údaras na Gaeltachta agus na ranna agus áisíneachtaí ábhartha eile Stáit atá na tacaíochtaí praiticiúla seo curtha ar fáil do ghnólachtaí atá buailte de bharr Covid-19.

Is féidir a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm chun gach deis a thapú le cabhrú tuilleadh leis an obair fhónta atá ar bun ag an Údarás ar leas na Gaeltachta.

Question No. 27 answered with Question No. 20.

Top
Share