Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ag forbairt sonraíochtaí ábhair nua faoi láthair maidir leis an Ardteistiméireacht. Tógann forbairt sonraíochtaí T1 agus T2 ar leithligh ar an tsonraíochta a cuireadh ar fáil cheana féin sa tSraith Shóisearach agus tá straitéisí agus polasaithe na Roinne mar bhonn agus mar thaca leis, lena n-áirítear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta.
Is gnó casta é seo. Tá oifigigh mo Ranna agus an NCCA ag breithniú raon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme na sonraíochtaí nua do Ghaeilge na hArdteistiméireachta. I measc na saincheisteanna atá á mbreithniú tá bearta chun daltaí i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna a spreagadh chun tabhairt faoin tsonraíocht T1 don Ardteistiméireacht. Tá na breithnithe sin ag dul ar aghaidh agus níor thángthas ar aon chinneadh maidir le pointí bónais a thabhairt isteach mar bheart dreasachta chun staidéar ar an tsonraíocht T1 a chur chun cinn.