Le dhá bhliain go leith anuas, i gcomhairle le páirtithe straitéiseacha, tá obair agus infheistíocht shuntasach déanta ag Údarás na Gaeltachta chun pleananna a chur i dtoll a chéile chun Páirc na Mara, páirc nuálaíochta muirí íseal charbóin ar chaighdeán domhanda a fhorbairt. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an togra seo d’inmharanacht cheantar Iorras Aithneach ó tharla gur togra é atá dírithe ar fhorbairt acmhainní nádúrtha an cheantair agus leas a bhaint as saineolas stairiúil an phobail ansin ar bhealach comhaimseartha. Beidh an togra seo riachtanach chomh maith mar sholáthraí leanúnach fostaíochta amach anseo.
Is é cuspóir togra Pháirc na Mara ná go mbeadh pobal inmharthanach, eacnamaíocht bhríomhar agus comhshaoil caomhnaithe fite fuaite lena chéile i bpobal ársa teanga sa bhforbairt inbhuanaitheach seo.
Tríd infreastruchtúr agus deiseanna fostaíochta riachtanacha a chur ar fáil don bpobal seo, beidh ar chumas an Stáit fás san earnáil ríthábhachtach seo a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, fás eacnamaíoch a chuirfidh fostaíocht inbhuanaitheach ar fáil do ghlúnta amach anseo sa gceantar tuaithe Gaeltachta seo.
Tá na costais a bhain le réiteach iarratas pleanála don dtogra leagtha amach sa tábla thíos.
Measúnuithe tionchair timpeallachta EIAR, NIS, Iarratas ar Cheadúnas Dobharshaothraithe & Ceadúnas urthrá
|
216,311
|
Dearadh Bonneagair & Máistirplean
|
128,321
|
Comhairleoireacht agus Iarratas Pleanála a réiteach
|
147,125
|
Taighdí Éiceolaíochta Trastíre & Loch & Éiceolaíocht Mhuirí
|
157,656
|
Costais Suirbhéireachta eile
|
37,769
|
Táille pleanála
|
38,000
|
Dlíodóirí
|
66,240
|
Costas saineolaí soláthair
|
8,473
|
Iomlán
|
799,895
|
Tabharfar faoi réimse leathan gníomhaíochtaí trasna earnáil na mara ar láthair Pháirc na Mara, agus beidh fiontair inbhuanaitheacha de chuid na hearnála táirgiúla, comhlachtaí poiblí, gníomhaireachta forbartha stáit agus an pobail taighde ag comhoibriú lena chéile agus é mar sprioc luach breise a chur lena dtáirgí agus lena seirbhísí, chomh maith le huasmhéadú a dhéanamh ar chumas forbraíochta na hearnála muirí sa réigiún.