Skip to main content
Normal View

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 September 2020

Tuesday, 8 September 2020

Questions (339, 356)

Éamon Ó Cuív

Question:

339. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta an bhfuil sí i gceist aige cuairt a thabhairt go luath ar na hoileáin amach ón gcósta; agus má tá, cé hiad na hoileáin a bhfuil i gceist aige cuairt a thabhairt orthu. [21703/20]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

356. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta cén uair atá i gceist aici nó ag an Aire Stáit um an nGaeltacht cuairt a thabhairt ar na hoileáin Ghaeltachta amach ón gcósta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21705/20]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 339 and 356 together.

Ag eascairt as fógra an Taoisigh ar an 27 Meitheamh, tá socruithe á dhéanamh faoi láthair chun feidhmeanna oileánda mo Roinne a aistriú go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Go dtí go ndéanfar é sin, is í mo Roinn a bheidh freagrach as an gcúram sin. Bíonn teagmháil rialta idir oifigigh mo Roinne agus ionadaithe agus pobal na n-oileán, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh, agus leanfar leis seo.

Tá i gceist agam féin cuairt ghairid a thabhairt ar Ghaeltacht Chonamara an tseachtain seo, agus tá mé ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar gach ceantar Gaeltachta san am atá le teacht, na hoileáin Ghaeltachta ina measc.

Top
Share