Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Oidhreachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 September 2020

Tuesday, 8 September 2020

Questions (382)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

382. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá ag an rialtas chun comóradh a dhéanamh ar 1500 bliain ó rugadh Naomh Colmcille agus ar an ról lárnach a bhí aige mar nasc idir oidhreacht na hÉireann, na hAlban, agus na hEorpa; cén tacaíocht a thabharfaidh an rialtas don chlár Colmcille 1500 atá á eagrú ar bhonn comhpháirtíochta ag Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig in Albain. [22469/20]

View answer

Written answers

Bhuail Foras na Gaeilge le hoifigigh mo Roinne chun a gcuid moltaí a phlé maidir le conas a d'fhéadfaí comóradh 1,500 bliain ó bhreith Naomh Colmcille a mharcáil i mí na Nollag seo caite, agus choinnigh siad an Roinn cothrom le dáta maidir le forbairt a bpleananna le linn na héigeandála sláinte poiblí de bharr Covid-19. Cé go bhfuil srian ar rannpháirtíocht an phobail i gcuimhneacháin sna cúinsí reatha, tá sé tábhachtach go leanfar de dhátaí agus imeachtaí suntasacha stairiúla a aithint agus a mharcáil mar is cuí.

Sa chomhthéacs sin, leithdháil mé maoiniú ar Mhúsaem Chontae Dhún na nGall le déanaí faoi Scéim Thaispeántais na Músaem Réigiúnaigh (leithdháileadh €5,850) agus Scéim Mhaoinithe Thuaisceart Éireann (leithdháileadh €15,000) a riarann mo Roinn chun tacú le taispeántas chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 1,500 bliain ó bhreith Cholmcille. Tá uasteorainn €15,000 in aghaidh an iarratasóra ar an gcistiú a bhronntar faoi gach scéim agus ní mheastar ach iarratas amháin in aghaidh an chomhlachta in aghaidh na scéime.

Tacaíonn Scéim Thaispeántais na Músaem Réigiúnaigh le músaeim áitiúla, réigiúnacha agus speisialaithe, chun margaíocht na n-institiúidí seo a chur chun cinn agus a fheabhsú trí mhaoiniú a sholáthar do chostais chaipitil taispeántas. Feidhmíonn an Scéim ar bhonn cistithe comhmhaoinithe, áit a gcaithfidh an t-iarratasóir 25% ar a laghad de na costais atá beartaithe a sholáthar.

Cuireann an Scéim Mhaoinithe Thuaisceart Éireann tacaíocht mhaoinithe ar fáil do thionscadail a fhéachann le healaíona, cultúr, ceol, scannáin nó oidhreacht Oileán na hÉireann a fheabhsú, a cheiliúradh nó a chomóradh ar bhonn Thuaidh/Theas.

Top
Share