Skip to main content
Normal View

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 September 2020

Tuesday, 8 September 2020

Questions (521)

Éamon Ó Cuív

Question:

521. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici stádas scoileanna beaga a bhronnadh ar na meánscoileanna ar na hoileáin; mura bhfuil, cén fáth atá leis sin agus iad ar na meánscoileanna is lú sa tír; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21706/20]

View answer

Written answers

Foilsítear na critéir a úsáidtear chun múinteoirí a leithdháileadh ar scoileanna gach bliain ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Is scoileanna Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) iad na scoileanna a bhfuil an Teachta ag tagairt dóibh.

Soláthraíonn an Roinn leithdháileadh foirne do gach BOO agus is faoi Phríomhfheidhmeannach na scéimeanna BOO lena mbaineann atá sé an leithdháileadh foirne sin a dháileadh, poist i Scoileanna Oileáin agus poist i Scoileanna Beaga san áireamh.

The criteria used for the allocation of teachers to schools is published annually on the Department's website.

The schools to which the Deputy refers are Education and Training Board (ETB) schools.

The Department provides a staffing allocation to each ETB and the distribution of this staffing allocation including Island School posts and Small School posts is a matter for the Chief Executive of the ETB schemes in question.

Top
Share