Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 10 September 2020

Thursday, 10 September 2020

Questions (116)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

116. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén fáth nach mbeidh tástálacha caighdeánaithe bunscoile le haghaidh léamh na Gaeilge curtha ar fáil ar líne mar a dhéantar le haghaidh léamh an Bhéarla; conas a tugadh conradh cúig bliana chun na tástálacha seo a reáchtáil gan léamh na Gaeilge san áireamh; agus cén plean atá aici chun léamh na Gaeilge a thástáil i measc daltaí bunscoile. [23118/20]

View answer

Written answers

Thug an Foras Taighde ar Oideachas (ERC) isteach tástálacha caighdeánaithe ar líne i léitheoireacht an Bhéarla agus sa Mhatamaitic (i mBéarla agus i nGaeilge araon) do bhunscoileanna in 2019 ar an ardán ar líne a bhí ar conradh ag an am sin. Tar éis don ERC nós imeachta soláthair phoiblí a reáchtáil bronnadh conradh ar Prodigy Learning chun na seirbhísí ar líne seo a sholáthar ar ardán nua.

Foráiltear i gconradh an ERC le Prodigy Learning go gcuirfear gach tástáil de chuid an ERC ar ardán nua ar líne. Sa chéad chéim den chonradh nua aistreofar na tástálacha is déanaí a forbraíodh ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile do léitheoireacht an Bhéarla agus don Mhatamaitic (i mBéarla agus i nGaeilge araon) faoi earrach 2021, toisc go raibh na tástálacha seo deartha go sonrach chun iad a riar ar líne. Táthar ag súil go mbeidh Triail Dhroim Conrach don Léitheoireacht Ghaeilge (Gaelcholáistí) do scoláirí i mbliain a dó san iar-bhunscoil ar fáil ar líne san earrach 2021 chomh maith.

Tá tástálacha léitheoireachta éagsúla Gaeilge ar fáil ag an mbunleibhéal do scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla araon (gach ceann normaithe as féin).  Tá siad ar fáil ó 2009 agus 2010, faoi seach, i bhformáid pháipéir agus níor dearadh iad le riar ar líne.  Ina theannta sin, i bhfianaise an achair ama ó forbraíodh na tástálacha seo, aithníonn an Roinn agus an ERC an gá atá leis na tástálacha seo a ath-normú agus tá siad i mbun pléite maidir leis seo. Beifear ábalta leaganacha ar líne de na tástálacha a sholáthar nuair a bheidh an ath-normú agus an athfhorbairt seo déanta.

Top
Share